Stair na Rúise as Gaeilge


Le Panu Petteri Höglund


Na Lochlannaigh


Is é an scéal is túisce a chreidtear taobh amuigh den Rúis féin go mb'iad na Lochlannaigh ba luaithe a chuir tús leis an stát Rúiseach. Níl na saineolaithe Rúiseacha comh tapaidh céadna á aidmheáilt, ach ar a laghad ar bith tá go leor leideanna le fáil ins na foinsí staire a bheir a leithéid sin le fios.

Is í an fhoinse is tábhachtaí dá bhfuil ann ar luathstair na Rúise ná an leabhar ar a dtugtar Croinic Neastóir go minic, siúd is gurb é Повесть временных лет/Povest' Vremennykh Let an teideal Rúisise: ciallaíonn sé "Scéal na nImeachtaí Saolta", nó "Scéal na mBlianta Caite" - cibé is fearr leat. Deir an chroinic seo go bhfuair na Rúisigh - nó na treibheanna a bhí ag cur fúthu i dtailte na Rúise fadó - go bhfuair siad amach as a stuaim féin nach rabh acmhainn a rialaithe féin iontu, agus gach treibh ag éirí amach i gcónaí in éadan an chuid eile acu. Ó bhí taithí agus aithne ínteacht ag na treibheanna seo ar na Lochlannaigh, thug siad cuireadh isteach dófa: "Tá an tír s'againne as pabhar saibhir, ach níl ord ná síocháin ann. Taraigí anseo go gcuirfidh sibh rialtas ceart i bhfeidhm orainn." Agus ar ndóighe, bhí na hUigingigh comh cairdiúil carthannach is go dtáinig siad a rialú na Rúiseach bocht. - Is follasach nach bhfuil i leagan seo na Croinice ach bolscaireacht. Is dealraitheach go dteachaidh dream amháin de na Rúisigh i gcomhar agus i gcomhghuaillíocht leis na Lochlannaigh agus gur chrom siad ar an tír a rialú in éineacht.

Clann Rúiric


Deir an Chroinic gur gaireadh rí nó ruire de chineál éigin den taoiseach Lochlannach darbh ainm Rúiric - Hraerekur in Íoslainnis an lae inniu, Rörek as Sualainnis - agus go dteachaidh sé i gceannas ar an chathair udaí Novgorod. Fán taca chéadna - ins an naoú haois - ghabh beirt taoiseach eile Cíév in Úcráin an lae inniu le húsáid na bunáite a bhaint aisti agus iad ag ionsaí Chonstantanópal.

Chuir Rúiric bun le rítheaghlach a ainmnítear as féin - na Rurikovichy nó Clann Rúiric. Fuair Rúiric bás ins an bhliain 879, ach má fuair féin, chrom a mhuintir ar obair an chogaidh ar áit na mbonn le tuilleadh tailte a ghabháil don tír a bhí bunaithe ag mo dhuine. Bhí luí ar leith ag Oiléag (Helgi as Íoslainnis, Helge i Sualainnis an lae inniu) le cogaíocht, agus d'éirigh leis bás an dá thaoiseach a thabhairt a bhí i seilbh Chíév. Rinne sé a phríomhchathair féin de Chíév agus d'fhág sé mac Rúiric, Íogóir (Ingvar i dteanga na Lochlannach) ag rialú Novgorod le cleachtadh a fháil ar ghnoithe an taoisigh.

B'iad na hUigingigh seo a bhaist a hainm ar an Rúis. "Rús" a bheir Croinic Neastóir ar an treibh ar leith de Lochlannaigh a hiarradh isteach leis na Rúisigh a rialú, agus deirtear go gcaithfidh sé go bhfuil baint ag an ainm seo le Roslagen, ceantar i dtuaisceart na Sualainne. Thairis sin, bheirtear Ruotsi ar thír na Sualainne i dteanga na Fionlainne, agus tá go leor tuairimíochta á dhéanamh thart timpeall ar an dóigh a mbaineann an focal áithrid seo leis an dá cheann eile.

Níor thréig meon saighdiúireachta, fánaíochta agus creachadóireachta na nUigingeach clann Rúiric go róghasta. Le lámh láidir an ionsaitheora bhain Íogóir amach ceadúnas trádála ón Bhiosáintiam, ionas gur chuir dornán trádálaithe Rúiseacha fúthu i gConstantanópal sa bhliain 911.

Íogóir


An bhliain dár gcionn fuair Oiléag bás, agus Íogóir ag teacht i seilbh a chéimíochta. Chuir sé cogadh i ndiaidh cogaidh ar na treibheanna ina thimpeallacht, agus é ag sealbhú tailte úra don Rúis ins an deisceart, eadar deilte na Danóibe agus deilte Dniepr, chois na Farraige Duibhe. Ag druidim le deireadh a shaoil dó chuir sé cogadh ar na Biosáintigh in athuair le conradh ní b'fhearr trádála a fháil: an seanchonradh a bhí i bhfeidhm ón bhliain 911 i leith, chuir sé diansrianta le líon na dtrádálaithe a rabh cead isteach acu i gConstantanópal, ach bhí cead trádála gan srian ag teastáil ó Íogóir.

Ins an bhliain 945 chuaigh Íogóir a ghearradh cánach ar na Dreibhleánaigh - treibh Shlavach a bhí iontu a bhí cloíte ag Íogóir i dtús a chaithréime. Chuaigh na Dreibhleánaigh i gcearmansaíocht ar mo dhuine agus d'éirigh leofa a mharbhadh. Tharla gur ag bailiú cánach a bhí sé ar uair a bháis, rinne Olga, a bhaintreach, a dicheall le córas sibhialta cánachais a chur ar bun, in áit an nóis a bhí ag na Lochlannaigh an obair a dhéanamh le lámh láidir mhíleata.

Sviatoslav


Bhí suim ag Olga ins an chreideamh Chríostaí fosta. Bhí an reiligiún seo ag teacht isteach ón Bhiosáintiam fán am sin, agus bhí Olga barúlach go gcuideochadh an creideamh léithi síocháin a choinneáil ar fud na ríochta agus cultúr léinn a chur ar bun inti. Ní rabh a mac, Sviatoslav, ar aon tuairim léithi, áfach. Bhí seisean an-tugtha don tseanghnáthamh Phágánta, agus é ag roghnú an chlaímh thar an pheann. Thar aon rud eile, b'eisean a chloígh is a scrios ríocht na gCasárach: dealraíonn sé gur treibh Thuirceach a bhí ins na Casáraigh, ach más amhlaidh féin, chuaigh siad leis an Ghiúdachas. Tá an teoiric ann gurb ó na Casáraigh a shíolraigh na slóite de Ghiúdaigh a chuir fúthu ar fud Oirthear na hEorpa go dtí gur thacht Hitler ins na seomraí gáis iad.

Fuair Sviatoslav bás ins an bhliain 972, agus ní rabh aois rómhór bainte amach go fóill. ós rud é nár thréig sé ceard na cogaíochta choíche, chuaigh sé a chur troda ar na Peitsineigigh. Cine d'fhánaithe a bhí iontu seo agus iad i gcomhghuaillíocht leis na Casáraigh, tráth den tsaol: nuair a fuair siad an fhaill, mharaigh siad Sviatoslav, a sean-namhaid, gan trua gan trócaire.

Clann Sviatoslav


I ndiaidh a bháis-sean, scoilteadh a ríocht, nó bhí triúr mac aige, agus thug gach duine acu a phíosa féin leis. Oiléag, Iaropolc agus Vlaidimior a bhí ar an triúr seo, agus ní rabh siad i bhfad ag déanamh réidh chun cogaidh in aghaidh a chéile. Ar tús, mharaigh Iaropolc Oiléag, ach níor fágadh i bhfad ina bheo é féin ina dhiaidh sin, agus Vlaidimior ag coinneáil súil air le leas a bhaint as an chéad áiméar a gheobhadh sé le bás a imirt air.

Vlaidimior


Nuair a bhí an bheirt eile ag déanamh créafóige, chuaigh Vlaidimior i gceannas ar Chíév. Taoiseach mór cogaidh a bhí ann, ar nós a mhuintire roimh a lá féin. Chuir sé cath ar na Liotuánaigh agus na Polannaigh a rabh a dtailte ag críochantacht lena thír féin, agus rinne sé an-ghabháltas ar a gcuid siúd. Sa deireadh, áfach, chinn sé ar iompó a dhéanamh i leith an leagain Oirthearaigh den chreideamh Chríostaí, nó fuair sé nach mba mhiste dó a dhul i gcomhghuaillíocht le Constantanópal. Bhí an Chríostaíocht ag seadó ina chúirt féin cheana, agus daoiní de lucht leanstana an chreidimh nua le fáil i measc uaisle a ríochta, gan aon trácht a dhéanamh ar an pharóiste Chríostaí a bhí eagraithe ag an eaglais i gCíév le fada an lá le misinéireacht a dhéanamh agus le freastal ar a n-anamanna siúd a bhí ag adhradh Mac Dé cheana féin. Dealraíonn sé go rabh Vlaidimior sách eolach ar nósanna na Críostaíochta ó thús a shaoil, siúd is gur bhain sé féin le lucht na seanPhágántachta.

Mar sin, phós Vlaidimior Áine, an banphrionsa Polannach, agus chuaigh tonn bhaiste air. Thug sé dianorduithe do mhuintir na ríochta go léir an reiligiún úr a ghlacadh. Tháinig easpag nua sna sálaí ag Áine, agus chrom sé ar an mhisinéireacht go tréan tréamanta. Níor imigh mórán blianta go rabh Críostaíocht an Oirthir ina príomhreiligiún ar fud na tíre. Nuair a d'éag Vlaidimior, phronn an Eaglais Ortadocsach naomhainmniú air in éiric an éachta a bhí déanta aige ag cur chun cinn an chreidimh i measc a chuid géillsineach.

Clann Vlaidimior


Ins an bhliain 1015 a fuair sé bás, agus cibé fá dtaobh den Chríostaíocht, ní rabh mórán Críostúlachta ag roinnt leis an dóigh ar shocraigh a chlann mhac féin ceist na comharbachta eatarthu. B'é Sviatopolc, an mac ba sine acu, ba túisce a tháinig ins an ríchathaoir, ach má tháinig féin, cha rabh an deartháir eile, Iaroslav, agus é i gceannas an airm - cha rabh Iaroslav sásta an chumhacht a fhágáilt ag Sviatopolc gan cath a chur ar a shon féin. Chuaigh Sviatopolc i dtuilleamaí Bholeslaw, Rí na Polainne, le cuidiú a fháil in aghaidh Iaroslav, a d'fhan i gceannas Novgorod an chuid ba mhó den am, agus cogadh ar cois eadar lucht a leanstana féin agus cuid a dhearthára.

Ghlac na géillsinigh col le Sviatopolc mar gheall den tíorántacht a bhí sé a imirt orthu le teann na heagla a bhí air roimh Iaroslav. Mar shampla, shaighid sé na feallmharfóirí i mBoiríos agus i nGléab, beirt fhear cráifeach ar gaireadh mairtírigh náisiúnta díofa ina dhiaidh sin. Bhí comhghuaillithe Sviatopolc - na ceithearnaigh Pheitsineigeacha a fuair sé ar iasacht ó rí na bPolannach - bhí siad ag caitheamh le bunadh na háite mar a bheifeá ag samhlú le harm forghabhála: ag creachadh rompu is ag loitiméireacht ar fud na háite, ag éigniú ban is ag gadaíocht. I ndeireadh báire, tháinig arm Lochlannach Iaroslav isteach ó Novgorod le Cíév a ghabháil agus le Sviatopolc a mharbhadh, sa bhliain 1019. Sviatopolc Mallaithe an t-aon ainm a bheirtí ar mo dhuine i ndiaidh a bháis.

Iaroslav na n-ilbhuanna


Nuair a bhí an tsíocháin ar bun ins an ríocht aríst - siúd is go rabh trioblóidí áithride ag Iaroslav go fóill le deartháir eile darbh ainm Mstíoslav - shocraigh an rí nua síos le atógáil is forbairt a dhéanamh ar a thír. Dealraíonn sé gur fear cuibheasach léannta a bhí ann, agus léamh na teanga Slaivise aige, rud nach rabh comh coitianta sin ins an am.

Ní rabh an Rúisis á scríobh go fóill, mar Rúisis. Nuair a chaighdeánaigh Naomh Ciril agus Naomh Méatóidí, an bheirt mhisinéirí Gréagacha - nuair a chaighdeánaigh siad an teanga scríofa le haghaidh na Slavach, níor aithin siad eadar na teangacha éagsúla ina measc siúd: bhí siad sásta an tSlaivis scríofa a bhunú ar an chanúint ba chóngaraí don Ghréig, agus í níos cosúla leis an Bhulgáiris, an Mhaiceadóinis agus an tSeirbis ná leis an Rúisis. Cibé scéal é, mhair na Rúisigh féin i bhfad thar an riachtanas ag saothrú na teanga seo mar aonmheán liteartha.

B'i dtréimhse Iaroslav a tháinig an chéad bhorradh ar an litríocht ins an teanga léannta ins an Rúis. Chuir Iaroslav ar bun scoltacha ins na cathracha, agus é ag cuidiú leis an Eaglais tithe adhartha a thógáil agus ealaín na naomhdhathadóireachta a chur chun cinn. Is cuid thábhachtach iad de chultúr na heaglaise Oirthearaí na dealbha beannaithe ins an lá atá inniu féin ann. - Thairis sin, d'fhéach Iaroslav chuige gur cuireadh tús le códú agus caighdeánú na ndlíthe ina ríocht. Bhí an-chaidreamh taidhleoireachta ag Iaroslav le tíortha móra an Iarthair, agus phós daoiní clainne dá chuid prionsaí agus banphrionsaí ón Fhrainc, ón Ghearmáin, ón Pholainn agus ón Ungáir. Níor shéan Iaroslav seanadh a ríochta leis na Lochlannaigh ach an oiread. Mar sin, bhí cliú agus cáil ar mo dhuine agus ar a thír ar fud na hEorpa. Ins an am sin, cha rabh an Rúis chun deiridh ar na tíortha eile ins an Ilchríoch, agus an chuma ar na cúrsaí go rabhthas ag toiseacht a dhearcadh uirthi mar thír den ghnáthchineál.

Bás Iaroslav agus meath Chíév


Ar mhí-ámharaí an tsaoil, b'é an seanscéal ins an Rúis aríst é i ndiaidh bhás an phrionsa éirimiúil seo: thit a chlann agus lucht a ghaoil amach le chéile, agus an tír ag dul i laige ag na mionchogaíocha is na trioblóidí éagsúla. D'éirigh prionsachtaí eile na Rúise níos tábhachtaí ná Cíév: Vlaidimior-Súzdal thar aon cheann eile. Ins an bhliain 1136 chuir muintir Novgorod ruaigeadh ar an phrionsa a chuir Cíév chucu le dhul i gceannas na cathrach. Ansin, chrom muintir Novgorod ar iad féin a rialú mar chineál poblachta, agus fágadh Cíév ag titim le fánaidh. Nuair a d'fhorghabh na Mongólaigh Cíév le léirscrios iomlán a dhéanamh uirthi, cha rabh fágtha den chathair cheana féin ach scáil i mbuidéal. Ins an darna leath den dóú haois déag, bhí a gradam agus a céim bainte daoithi ag Aindréigh Bogailiúbscaí, prionsa Vlaidimior-Súzdal, a chuir a chumhacht féin i gcion ar an chathair in éis dó gach a chreachadh dá rabh le fáil de rudaí luachmhara san áit.

De na mionphrionsachtaí a tháinig ar an fhód nuair a bhí port Chíév seinnte, b'iad Novgorod agus Súzdal an dá cheann ba tábhachtaí, agus iad suite i dTuaisceart na Rúise, murab ionann agus Cíév.

Novgorod na Saoirse


Áit trádála a bhí i Novgorod thar aon rud eile, agus í á stiúradh is á rialú ag comhthionól na bhfear saor, veitse. B'iad na mórthrádálaithe agus na huaisle, comh maith leis na heaglaisigh, ba mhó a rabh cumhacht acu ar an veitse, ach is féidir a rádh gur beag áit eile ins an Rúis ins an am sin ina rabh a leithéid féin de dhaonlathas le fáil. Bhí géillsine ag go leor cathracha eile do Novgorod, ar nós Pscóv, Staraighea Russa agus Veilicie Lúicí, agus an córas céadna rialtais ag feidhmiú iontu, bunaithe ar an veitse.

Bhí an-bhród ar mhuintir Novgorod as a ndaonlathas, agus iad ag tagairt dá gcathair mar a bheadh duine ann: Gospodin Gosudar' Velikii Novgorod - An tUasal Novgorod, an Tiarna Mór.

Tá Novgorod suite níos faide thuaidh ná Cíév, aqgus mar sin, ba dual do mhuintir Novgorod súil a choinneáil ar chríocha an tuaiscirt ar lorg seansanna trádála. Ins an tríú haois déag, mar sin, bhí an Fhionlainn agus an Cháiréil ina gcnámha spairne eadar an tSualainn agus Novgorod, agus gach taobh ag cur chun cinn a leagan féin den Chríostaíocht i measc na dtreibheanna Fionlannacha le dílseacht agus cuidiú a thabhú uathu in éadan na námhad. D'éirigh ina chogadh eadar na Sualannaigh agus na Novgoradaigh sa bhliain 1240. Thug na Sualannaigh iarracht ar inbhear na habhainne udaí Néava a ghabháil, ach chloígh Prionsa Novgorod, Aileacsandr (Alastair), lucht an ionraidh, agus baisteadh "Ailéacsandr Néavscaí", nó Alastair na habhainne Néava, mar leasainm air.

B'iomaí cogadh a phléasc amach ina dhiaidh sin féin eadar an tSualainn agus na Rúisigh, ach fá dheireadh chuaigh acu a theacht ar chineál comghghéilliúint agus an Fhionlainn is an Chairéil a roinnt eatarthu i Síocháin Schlüsselburg ins an bhliain 1323.

Má ba mhall ba mhithid, nó, ar tús, bhí an tsíorchogaíocht in éis praiseach a dhéanamh ar fud na Cairéile, agus, thairis sin, namhaid i bhfad ní ba mhó ná an tSualainn ag éirí bagrach ar na Rúisigh - bunadh Novgorod ins an áireamh - ins an Oirthear. B'é sin stát na Mongólach is na dTatárach.

Na Mongólaigh


Tháinig an chéad ionradh Mongólach ar Dheisceart na Rúise sa bhliain 1223 faoi cheannas an Chan mhórchliúitigh féin Géingís. Ós rud é gurb ins an Deisceart a rinne Géingís a chuid racáin, níorbh eagal do Novgorod é; an chéad taoiseach eile - Batú - a chuaigh i gceannas ar arm a Chan féin, thug sé aghaidh ar na prionsachtaí tuaisceartacha, mar Vlaidimior-Súzdal agus Novgorod.

Ba mhillteanach an namhaid iad na Mongólaigh is na Tatáraigh, agus iad ag scuabadh rompu anoir gan oiread agus ballóg a fhágáilt ina seasamh ina ndiaidh. B'iomaí cathair Rúiseach a scrios is a chreach siad gan taise, gan trua, gan trócaire - Cíév, Vlaidimior agus Súzdal ina measc - ach d'éirigh leis an Phrionsa Alastair thuasluaite a dhul i gcomhchainteanna leis na Mongólaigh. Shábháil sé é féin agus a ríocht fríd cháin bhliantúil a ghealladh do na danair seo.

Chuir na Mongólaigh cúirt an Chan - an tOrda Órga - ar bun i nDeisceart na Rúise, in áit ar bhaist siad "Saraigh" uirthi. ("Campa míleata" is brí leis an fhocal "orda". Is as a thig horde an Bhéarla, comh maith leis an ainm a bheir bunadh na Pacastáine inniu ar phríomhtheanga a dtíre - "Urdu".)

B'é ba toradh dó seo ná gur fágadh an chuid ba mhó den Rúis faoi fhorlámhas na Mongólach ar bhealach díreach nó indíreach. Ba chuid de ríocht na Mongólach iad oirthear agus deisceart na Rúise. Na prionsachtaí beaga ins an Iarthar, bhí gobharnóir nó fear ionaid de chuid na Mongólach ins achan cheann acu, agus aitheantas tugtha acu do Chan na Mongólach mar Ard-Rí. Ins an tuaisceart a bhí tailte Novgorod, agus iad saor ó dhíormaí Tatáracha, ach bhí lucht a rialtais ag íoc cánach leis na Mongólach.

Moscó


Bhí stát nua ag faibhriú, áfach, i measc na mionphrionsachtaí: Moscó. Cha rabh i Moscó ar tús ach cineál taobhchathair nó cóilíneacht de chuid Vlaidimior-Súzdal. B'é Iúirí Dolgarúicí (nó "Seoirse Lámhfhada") a thóg an chéad chaisleán ins an áit seo, agus de réir a chéile, rinneadh prionsacht daoithi, mar Mhoscó. (As an abhainn - Moskva-reka - atá ag sní fríthi a hainmníodh an chathir. Creidtear go dtáinig ainm na habhainne as ceann de na teangacha Fionnúgracha a labhraítear nó a labhraítí thall is abhus ins an Rúis, agus gaol ag an ainm Moskva leis na tamhain Fhionnúgracha a chiallaíonns "dubh" agus "uisce" - musta agus vesi na Fionlainnise. Thiocfadh a rádh, mar sin, gur "Dubhlinn" is ciall le hainm na cathrach ó thús.)

D'éirigh le hÍobhán Cailíotá - nó "Seán an Sparáin"! - ins an bhliain 1328 ceadúnas a mhealladh ón Chan prionsacht Tvéir in aice le tailte Mhoscó a fhorghabháil. Mar a thaispeánanns a leasainm, fear inseifte tíosach a bhí in Íobhán, agus sparán mór aige: chaith sé a ailp ag ceannacht tailte úra ón Chan ins an bhreis ar a bhfuair sé nuair a chloígh sé Tvéir.

B'éigean do Novgorod géilleadh do bhrú na Sualannach is ná Liotuánach, fosta: de réir a chéile, chaill sí a seanghradam, agus Moscó ag fás is ag forbairt.

Faoi Bhráca na Mongólach


Ba mhór an t-éirleach é an tréimhse a chaith na Mongólaigh ag rialú na Rúise. Nuair a tháinig siad a mharbhadh is a chreachadh rompu, bhánaigh siad limistéir mhóra den tír go hiomlán, agus nuair a chuir siad ar bun cumhacht eagraithe, níor bhuair siad a gcloigne le gnaoi na ndaoiní a chothú ná a tharraingt orthu féin. Mar sin, d'éalaigh na slóite síoraí de Rúisigh rompu go Novgorod le theacht slán ar a bhforlámhas. De réir mar a chuaigh nósanna cruálacha míthrócaireacha i bhfeidhm ar an phobal, d'éirigh na Rúisigh as an tsibhialtacht go hiomlán, ó bhí troid laethúil na beatha ag éileamh gach a rabh de ghustal iontu. Bhí na prionsaí Rúiseacha ag tógáil uisce faoi thalamh in éadan a chéile, agus na Mongólaigh á saigheadadh fá chéile lena ngaisneas a bhaint as achan chineál easaontais nó faltanais eadar na Rúisigh.

Iarsmaí an Mhongólachais


D'fhág na Mongólaigh a rian féin ar chultúr na Rúise ar a lán bealtaí. Scar siad an tír leis an Iarthar, agus an Áise ag éirí níos tábhachtaí mar chéile trádála agus iomlaoide. Thairis sin, b'iad na Mongólaigh a thug isteach pionós an bháis ins an Rúis, nó ní rabh sé á chleachtadh ag na Rúisigh fad is a d'fhan seandlíthe na Slavach beo ina measc. B'ó na Mongólaigh a d'fhoghlaim na Rúisigh an dóigh le príosúnaigh a chéasadh, fosta.

Dmitrí Donscóigh


Ins an cheathrú haois déag, áfach, d'éirigh le prionsa Mhoscó, Dmitrí, na Rúisigh a chruinniú in éadan na dTatárach. Bhí scoilt ag teacht ar na Mongólaigh, agus Orda nua bunaithe ag cuid acu le dhul in iomaíocht leis an Orda Órga - an tOrda Geal. Chuaigh fórsaí Dmitrí chun teagmhála leis na Tatáraigh i gCúiliocovo in aice leis an abhainn udaí Don, agus b'iad na Rúisigh a bhuaigh an cath cáiliúil seo i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1380. Ina dhiaidh sin, chuaigh ag an Orda an ceann is fearr a fháil ar na Rúisigh aríst, ach bhí sé foghlamtha acu anois nach dochloíte a bhí na Mongólaigh, agus go rabh sé indéanta ruaigeadh a chur orthu as an tír. Gaireadh laoch náisiúnta de Dmitrí - Dmitrí Donscóigh, nó Dmitrí ó Don.

Tochtamaois agus Vasailí


Cha rabh na Tatáraigh sochloíte ach an oiread, áfach. Nó tháinig Can úr i gceannas orthu uilig - Tochtamaois, a bhí i mbun an Orda Ghil ar tús. Rinne Tochtamaois creach agus ródach ar Mhoscó le díoltas a agairt ar Dmitrí Donscóigh, ach níorbh é sin an deireadh le troid na Rúiseach, nó thionóil Vasailí, mac Dmitrí Donscóigh, na Rúisigh ó chúigí is ó phrionsachtaí éagsúla ina gcomhghuaillíocht mhór mhillteanach le cath a chur ar na Tatáraigh agus ar an namhaid úr a bhí ag druidim isteach aniar - monarcacht dhúbailte na Polainne is na Liotuáine. Bhí réalt Novgorod ag dul faoi fán am seo, agus Moscó ag déanamh forghabhála ar cheantair iar-Novgorodacha ó thuaidh, rud a d'fhág dídean ag Vasailí le dhul ar a theitheadh ó na Tatáraigh nuair a tháinig siadsan a rith damhsa ar fud Mhoscó.

Aontú na Rúise ar na Bacáin


Le linn na gcathanna ins an chúigiú haois déag tháinig deireadh leis na cúigí neamhspleácha, agus an Rúis á haontú faoi choimirce Mhoscó. Nuair a shealbhaigh Íobhán a Trí - garmhac do Vasailí, mac Dmitrí - an chumhacht i Moscó, cha rabh mórán sracaidh fágtha ins na cúigí eile, ach amháin i Novgorod. Déanta na fírinne, chan i Novgorod féin a bhí acmhainn a scarúna ó Mhoscó, ach ins an Pholainn-Liotuáin, agus í ag iompairc le Moscó fán tseanphoblacht trádála seo. Nuair a thoiligh Novgorod le conradh comhghuaillíochta leis an Liotuáin, chuaigh Íobhán a Trí chun cogaidh leis an chineál sin fealltóireachta a phionósú, agus ó ba rud é nach dtáinig fórsaí Liotuánacha a chosaint a gcomhghuaillí ar an ionradh, b'éigean do lucht rialtais Novgorod forlámhas a ghéilleadh d'Íobhán. I gceann chúpla bliain eile, áfach, d'éirigh na Novgorodaigh amach in éadan Mhoscó, ach ní rabh rath orthu. B'éigean dófa iad féin a thabhairt suas don namhaid go neamhchoinníollach, agus ansin, sa bhliain 1478, chaill an tseanphoblacht gach a rabh fágtha dá neamhspleáchas. An clog mór féin a mbíodh a chling ag cur gairm scoile ar an veitse, ar chomhthionól ionadaíoch na poblachta cathartha, tógadh anuas é lena thabhairt go Moscó mar chreach chogaidh. Rinneadh feoid de thailte Novgorod agus cuireadh tiarnaí ó Mhoscó ina mbun.

Feodachas, Seirfeachas agus Daoirse


An Rúis a h-aontaíodh le linn Íobhán a Trí a bheith ina phrionsa ar Mhoscó, ba sochaí fheodach í. B'iad síol Rúiric agus na seanuaisle eile de phór Lochlann a chuir tús le forbairt an tseirfeachais ins an tír, nó nuair a tháinig siad ansin an chéad uair, bhí sé de nós acu complacht choimhdeachta de shaighdiúirí dá chuid féin a bheith mar chúirt taistil thart timpeall ar achan taoiseach uasal. B'as na complachtaí seo - hird as Lochlainnis, drúizíona as Rúisis - a d'eascair aicme na mboigheárach, a mb'iad an aicme ab airde céimíochta i sochaí na seanRúise amach ó chlanna na seantaoiseach féin. Bhí neamhspleáchas ag baint leis na boigheáraigh nach samhlófá lena macasamhlacha in Iarthar na hEorpa san am chéadna, nó siúd is gurb iomaí boigheárach a rabh an chéimíocht aige a bhuí leis an gharaíocht a rinne sinsear dá chuid don phrionsa fadó, níor vasáilligh ná géillsinigh de chuid an phrionsa a bhí iontu. Uaisle de ghradam ní b'ísle ab eadh iad na dvoiriánaigh agus na svoighizéimtsigh, comh maith leis an aicme a chruthaigh Dmitrí Donscóigh: na fíor-vasáilligh mó na poiméisticigh. Leis na Tatáraigh a throid, theastaigh ó Dmitrí aicme de dhaoiní a bheith aige a dtiocfadh leis a dhul ina dtuilleamaí: ní rabh mórán maithe ins na gnáthuaisle, ós rud é go rabh siad ábalta feall a dhéanamh air ar mhaithe leis na Tatáraigh, má bhí buntáistí le baint as a leithéid.

Ar ndóighe, bhí scológa ann, nó cé eile a sholáthróchadh a gcuid bídh do na huaisle? Bhí feirmeoirí saora ann freisin, nó "scológa dubha" - scológa de chuid an talaimh dhuibh. Ba leofa féin an caorán a bhídís a shaothrú, ach ba ghnách cáin nó cíos bliantúil, nó obroc, a ghearradh orthu a d'íocaidís leis an phrionsa. Scéal eile ar fad a bhí fíor maidir leis na seirfigh: ní hamháin go n-íocaidís cíos - tiaglo, leis an tiarna talaimh, ach b'éigean dófa freisin dualgas oibre, bairstsíona, a chomhlíonadh go tráthrialta ina pháirceanna. Agus Moscó ag teannadh a greime ar an Rúis, ceanglaíodh na scológa den talamh, i gcruth is nach rabh de cheart acu an áit ar rugadh iad a fhágáilt ar aon nós. Ós rud é go rabh cíos, cáil agus ceangal ag cur an tsaoil féin ó mhaith ar na scológa, áfach, is iomaí duine acu a thug aghaidh ar na cúlriasca le talamh úr a thabhairt chun míntíreachais, beag beann ar rí nó ruire.

B'annamh a bhí an rogha ann cur fút i gcathair cheart, nó bhí na cathracha sách tanaidh sa tseanRúis, agus ní rabh an saol iontu comh h-éagsúil leis an tuath agus a chreidfeá. Mar shampla, ní rabh an cineál cuallachtaí nó gildeanna - cumainn le haghaidh na gceardaithe is an lucht tráchtála - ins an Rúis agus a bhíodh ina lán tíortha in Iarthar na hEorpa.

Bhí sclábhaithe nó daoir ins an Rúis, fosta, nó bhí na Rúisigh ag tógáilt patrúin leis na Mongólaigh: bhí an daoirse fréamhaithe sách domhain ina gcultúr siúd. De réir a chéile, rinneadh aicme na ndaor agus aicme na seirfeach a ionannú le chéile. Nó ba mhinic a gaireadh daor de dhuine shaor a bhí báite i bhfiacha; agus ó ba rud é nach rabh cuid mhaith de na scológa in ann a gcíos a íoc leis an tiarna talaimh, thoisigh seisean a chaitheamh leofa mar a bheadh daoir den tseandéanamh iontu.

Bhí an-pháirt ag an Eaglais Ortadocsach in atógáil na sochaí is an chultúir, agus réim na Mongólach ag druidim chun deireanais. Go háithrid, bhí eaglaisí á dtógáilt agus naomhphioctúirí á ndathú, agus Novgorod ina lárionad tábhachtach ealaíontóireachta ins an cheathrú haois déag, eadar ailtireacht agus dhathadóireacht. Ansin a d'fhoghlaim Aindréigh Ruibleov, an duine ba cháiliúla amuigh de dhathadóirí cráifeacha a linne, - ansin a d'fhoghlaim sé tús a cheirde ón mháistir Ghréigeach udaí Theophanes, nó "Feofan Gréagach", mar a bheireadh na Rúisigh air, i ndeireadh na ceathrú haoise déag. (Lenár linn féin, rinne an stiúrthóir cáiliúil Aindréigh Tarcovscaí scéal beatha Ruibleov a scannánú.) De réir a chéile, thoisigh na manaigh a shaothrú litríochta aríst, agus iad ag cleachtadh na teanga scríofa a dtugtar an tSeanSlaivis Eaglasta uirthi.

Fuair Íobhán a Trí bás ins an bhliain 1505, agus tháinig a mhac Vasailí a Trí i gcomharbacht air. Ós rud é gur banphrionsa Biosáinteach, Zoë Palaiologos, ab eadh í a mháthair, agus an Biosáintiam féin léirscriosta ag na Tuircigh sa bhliain 1453, bhí Vasailí inbharúla go mb'eisean a bhí ina oidhre cheart ar Impire an Bhiosáintiam. Bhí meas an tSáir - meas an Impire - aige air féin, agus scríbhneoirí cúirte dá chuid ag tagairt do Mhoscó mar "an tríú Róimh" (i ndiaidh an chéad Impireacht Rómhánach agus Impireacht an Bhiosáintiam, arb í leath oirthearach na hImpireachta Rómhánaí í, ar tús).

Mhair Vasailí a Trí ag cur troda ar na Tatáraigh agus ag cúngú ar na stáit Rúiseacha eile, an dornán acu a d'fhan neamhspleách ar Mhoscó i gcónaí. Fuair Vasailí bás sa bhliain 1533, agus ó ba rud é nach rabh ach trí bliana slánaithe ag a mhac, Íobhán, fágadh na móruaisle - na boigheáraigh - i seilbh na tíre.

Íobhán Uafásach


Dream an-chumhachtach, an-neamhspleách a bhí ins na boigheáraigh. B'iadsan an aicme ab airde i sochaí na seanRúise, agus nuair nach rabh an Sár os a gcionn, ba sciobtha a d'éirigh ina mhionchogaíocht eadar na teaghlaigh éagsúla fá cé acu ba mhó cumhachta. Agus é ag fás aníos, ghlac Íobhán óg col le haicme na mboigheárach go léir, ag coinneáil súile dó ar an chineál brilsce agus bruíonachas a bhí acu eatarthu, agus gach aon fhaicsean ag iarraidh na cinn eile a chloí le láimh láidir. Nuair a tháinig Íobhán i gcrann an oiread is a bhí sé in ann a dhul i gceannas ar a ríocht féin, rinne sé ródach mór ar na boigheáraigh comh maith leis na Tatáraigh dheireanacha.

Chloígh Íobhán an dá Chanacht mhóra, Cazáin agus Astracháin, sna 1550idí, ach níor bhac sé leis an Chrimé, nó bhí an leithinis seo faoi choimirce Shabhdán na Tuirce, a bhí ina thiarna comh cumhachtach dainséarach agus go mb'eagal le hÍobhán féin é.

Ba le linn Íobhán a cuireadh tús le gabháltas na Sibéire. Phronn Íobhán tailte móra in oirthear na Rúise - a mb'ionann é ag an am agus Sléibhte Ural, teorainn na hEorpa is na hÁise - ar thráchtálaí shaibhir dar shloinne Stroganov. Bhí súil ag Íobhán go dtabharfadh Stroganov an áit chun míntíreachais agus go dtógfadh sé poill mhianaigh ansin le salann a bhaint as an talamh. D'fhruiligh Stroganov arm príobháideach lena chuid tailte a chosaint agus chuir sé cath ar na Tatáraigh agus na bundúchasaigh eile a rabh a chuid tailte ag críochantacht lena gcríocha. B'é ba toradh dó seo gur éirigh cogadh eadar na Tatáraigh áitiúla agus díormaí Stroganov. De réir a chéile d'éirigh le hÉarmac, taoiseach Cosacach a bhí ina cheann urraidh ar thrúpaí Stroganov, an oiread sin talamh a dhéanamh ins an Oirthear agus gur gabháltas ann féin a bhí ann. Is é an rud a tharraing an gabháltas seo ina dhiaidh ná caidreamh le pobail agus le dreamanna nua, ar nós treibheanna beaga d'fháiteallaithe a rabh craicinn fhionnaidh le ceannacht uathu. Mar sin, chuir lucht gnoithe na Rúise suim ins na seansanna úra ins an Oirthear, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an tSibéir de réir a chéile.

Ar ndóighe, ní i bhfaiteadh na súl a tháinig borradh ar an trádáil Shibéireach: forbairt fhadaraíonach a bhí i gceist le feachtas Éarmac féin, gan aon trácht a dhéanamh ar an ghabháltas iomlán ar an tSibéir. Dáiríribh, bhí an imirce go dtí an tSibéir inchomparáide ar go leor bealtaí leis an dóigh ar ghabh na Meiriceánaigh an t-"Iarthar Fiáin" ó na hIndiaigh Ruadha. - Thairis sin, ba tréimhse mhór bhorrtha í tréimhse Íobhán i gcúrsaí trádála ar dhóigheanna eile fosta, agus naisc úra á gceangailt leis an Eoraip féin comh maith leis an Áis.

Bhí cogadh ar na bacáin leis na Sualannaigh fosta. Bhí teorainn thoir na Sualainne - agus í suite fiarthrasna na Fionlainne - sainithe an chéad uair riamh ins an chonradh síochána a shocraigh Novgorod agus an tSualainn ins an bhliain 1323, ach de réir a chéile bhí an tSualainn éirithe as an teorainn seo a urramú, agus áitribh mhíntíreachais á mbunú ag feirmeoirí ón taoibh Shualannach den teorainn ar an taoibh eile. D'éirigh ina chogadh eadar an dá thír seo ins an bhliain 1555, ach tháinig deireadh leis i gceann dhá bhliain gan aon athrú a theacht ar na teorainneacha, ná aon bhuanfhuascailt a theacht ar na fadhbanna ba bhun leis an chogadh. Bhí an Rúis agus an tSualainn le cogadh i ndiaidh cogaidh a chur ar a chéile ins na haoiseanna a bhí le theacht, agus an Fhionlainn á satailt go minic ag na saighdiúirí.

Nuair a bhí an tsíocháin ar bun i ndiaidh an chogaidh áithrid seo, chúngraigh díormaí Íobhán ar áit eile, mar atá, ar an dún udaí Narva in oirthear na hEastóine. Ba leis na Ridirí Teotanacha an Eastóin ins an am seo, ach bhí na Ridirí féin in adharca a chéile, go háithrid nuair a d'éirigh eatarthu fá chúrsaí an Reifirméisin agus iad ag teacht crosach ar a chéile fán chineál creidimh ab fhearr.

Ghabh an Rúis píosa maith d'Oirthear na hEastóine ins an bhliain 1558, agus chuaigh an chuid eile de na tíortha Baltacha i dtuilleamaí na gcomharsanach eile le cosaint agus díonadh a fháil ar an Rúis. Mar sin a fuair an tSualainn, an Danmhairg agus ríocht dhúbailte na Polainne is na Liotuáine an chéad fhód ins an Eastóin agus an Laitvia.

D'éirigh le hÍobhán tionchar ínteacht a fháil ar ghabháltaisí Baltacha na Danmhairge fríd an phrionsa áitiúil Dhanmhargach a bhladar chun géillsineachta le tuilleadh tailte a ghealladh dó mar fheod. Mhair an chogaíocht i gcónaí eadar an tSualainn agus an Rúis ins na tíortha Baltacha, áfach. Le teacht an rí Ungáirigh Stiofán Batory i seilbh choróin na Polainne sa bhliain 1575, chuir na Polannaigh a ladar ins an chogadh seo. Ansin, bhí an Rúis sáraithe ag a cuid námhad, go háithrid nuair a nocht fórsaí Tatáracha na Crimé ag geaftaí Mhoscó, i mbreis ar a rabh ar siúl ag na naimhde ins an Iarthar. Shocraigh na Rúisigh síocháin leis an Pholainn ins an bhliain 1582, ach mhair an cogadh tamall eile leis na Sualannaigh in ainneoin iarrachtaí le sos cogaidh a chur ar bun: níor socraíodh na cúrsaí ach le síocháin Täysinä ins an bhliain 1595.

Níorbh iad a chuid cogaíocha a thabhaigh a leasainm d'Íobhán Uafásach, ach an cogadh a chuir sé ar mhuintir a thíre féin taobh istigh de stát Mhoscó. B'iad na huaisle - na Boigheáraigh - ba mhó a bhí thíos le polasaithe Íobhán, nó cha rabh aon mhuinín aige astu siúd. Chuir Íobhán le chéile cineál rúnseirbhís phearsanta dá chuid féin, na hOipritsnící, le cumhacht na mBoigheárach a chloí. B'ionann sin agus géarleanúint mhíthocaireach ina bhfuair na slóite móra de dhaoiní bás, agus ní Boigheáraigh amháin a bhí á marú. Theann lámh láidir Íobhán comh dian dána dásachtach ar na Boigheáraigh agus gur thogair cuid mhór acu a gcuid tailte a thréigbheáilt agus tearmann a lorg ar imeall na ríochta.

Fear mór foréigin agus fiántais a bhí in Íobhán Uafásach ina shaol phríobháideach féin, comh maith leis na polasaithe. Mar sin, ag druidim chun deiridh dá shaol, mharaigh sé an mac ba sine aige, a ríchomharba, le buille dá bhata nuair a d'éirigh geamhthroid eatarthu. (Dhathaigh an t-ealaíontóir Rúiseach Ilia Réipin pioctúir cliúiteach den mhóitíf seo: Íobhán Uafásach i ndiaidh dó a mhac a mharú.) Bhí an oiread sin reiligiúndachta in Íobhán agus go mba nós leis breithiúnas aithrí a dhéanamh in éiric an éirligh a rinne sé ar a chuid namhad. Fuair sé bás sa bhliain 1584.

Boiríos Godúnov agus Dmitrí Bréige


Gaireadh Sár d'Fheodor, mac eile le hÍobhán, ach b'é Boiríos Godúnov, a chliamhain, a chuaigh i mbun chúrsaí rialtais an stáit thar aon duine eile. Fear de phór na dTatárach a bhí i nGodúnov. Bhí deartháir óg ag Feodor arbh ainm dó Dmitrí, páiste a fuair bás go hóg; ach má fuair, bhí sé le páirt nach beag a dhéanamh i gcúrsaí rialtais na Rúise i ndiaidh a bháis, aistíoch go leor.

Chruthaigh Boiríos Godúnov go seoigh ar fad i gceann na cumhachta, agus é ag cur feabhais ar thrádáil agus ar chaidreamh eadarnáisiúnta an stáit, ag déanamh talaimh ins an tSibéir agus ag baint amach tuilleadh neamhspleáchais d'Eaglais na Rúise. Cibé cé chomh maith a d'éirigh le Godúnov, cha rabh mórán dáimhe ag na Boigheáraigh leis, agus iad den bharúil nach rabh an pór uasal i mo dhuine a thabhóchadh a ghradam dó. Chuaigh siad a thógáil uisce faoi thalamh in éadan Ghodúnov.

Fuair Dmitrí, deartháir an tSáir, bás sa bhliain 1591. Ar ndóighe, bhí Moscó ar fad go luath ag inse luaidreáin go mb'é Godúnov a mharaigh é. An Sár Feodor féin, d'éag sé seacht mbliana ina dhiaidh sin, agus tháinig Godúnov i seilbh na corónach é féin, anois, Le meath na mbarraí sna blianta 1601-1603, áfach, d'éirigh na scológa, agus go leor cúiseanna eile acu fosta le bheith míshásta - d'éirigh siad amach in aghaidh Ghodúnov. Chruinnigh siad thart ar iar-mhanach a shíl go mb'é féin Dmitrí a d'éalaigh ó lucht a mharfa agus a fuair tearmann i mainistir. Lzhe-Dmitriy nó Dmitrí Bréige is gnách a thabhairt air as Rúisis.

D'iompaigh Dmitrí Bréige i leith an chreidimh Chaitlicigh, rud a chinntigh tacaíocht na Polainne dó, agus é ag teannadh ar Mhoscó lena chuid saighdiúirí. Bhí na Boigheáraigh ag cuidiú leis comh maith, nó bhí fuath na ndaol acu ar Ghodúnov agus ar a mhuintir. Nuair a d'eag Boiríos Godúnov in Aibreán na bliana 1605, fuair a mhac an ríocht le hoidhríocht, ach má fuair féin, cha rabh aon mhoill ar na Boigheáraigh muintir Mhoscó a ghríosú chun ceannairce in éadan mo dhuine. Maraíodh é, agus tháinig Dmitrí Bréige go Moscó.

Gidh go dtáinig sé, níor shocraigh sé scéal ar bith. Go sciobtha ina dhiaidh sin d'éirigh eadar é agus na Boigheáraigh, agus maraíodh é féin ins an scliúchas a tarraingíodh. Ins an bhliain 1606, d'fhéach ceann urraidh na mBoigheárach, Vasailí Siúidhscí, leis an ríchathaoir a bhaint amach dó féin, ach ní rabh rath ar an iarracht sin. Nó d'éirigh bunadh dheisceart na Rúise amach ansin, agus Dmitrí Bréige nua ceaptha acu. Nuair a bhí an cogadh ag cliseadh ar Shiúidhscí, d'iarr sé cuidiú ar na Sualannaigh, agus é ag tairiscint críocha is cúigí in aice leis an Fhionlainn dófa, ach iad ruaigeadh a chur ar an darna héilitheoir.

Nuair a nocht fórsaí Iacób de la Gardie ón tSualainn as coinne gheaftaí Mhoscó, bhí ceannairceoirí Dmitrí Bréige cloíte cheana. Má bhí féin, áfach, bhí scéim nua socraithe ag na Polannaigh le Vasilí Siúidhscí, agus d'éirigh ina chath eadar na Polannaigh agus na Sualannaigh. Briseadh an cath ar na Sualannaigh, agus ní rabh muintir na Cairéile in aice leis an Fhionlainn sásta géillsine a mhionnú don tSualainn cibé. Mar sin, b'éigean do na Sualannaigh an limistéar a bhí geallta dófa a ghabháil le lámh láidir. Ansin thug na Sualannaigh a n-aghaidh ar Novgorod, agus iad ag iarraidh stáitín a chur ar bun ansin faoina gcoimirce féin. Bhí fuar acu leis an iarracht sin, siúd is gur éirigh leofa geallúint géillsine a bhaint as muintir na háite. Socraíodh go nglacfadh deartháir rí na Sualainne coróin Novgorod, ach ní tháinig an fear seo riamh a fhad leis an áit féin - thit an drioll ar an dreall ag an chúirt i Stócólm, is dócha.

Shealbhaigh na Polannaigh tailte móra in Iarthar na Rúise, an chathair stairiúil Smóileansc thar aon áit eile, agus nuair a bhí siad i gceannas ar Mhoscó, bhí an chuma ar an scéal go rabh siad le cúige dá gcuid féin a dhéanamh den Rúis, fiú. Nuair a tháinig chun solais nach rabh na Polannaigh sásta cead a gcreidimh a fhágáil ag na Rúisigh, dá ngabhfaidíst an tír go hiomlán, - b'ansin a chrom an Eaglais Ortadocsach ar an náisiún a ghríosú chun troda le ruaigeadh a chur ar lucht an éigreidimh as an tír. Chuaigh na scológa is cuid de na móruaisle i gcomhar le chéile faoi cheannasaíocht Dmitrí Poizeárscaí, fear de na móruaisle, agus Cúizma Mínín, fear a bhí ina starosta, nó ina Mhéara, ar an chathair udaí Nizní-Novgorod. Ag druidim le deireadh na bliana 1612 bhí an Polannach deireanach glanta as lár na Rúise, agus críoch curtha le Tréimhse na dTrioblóidí i stair na tíre.

Gaireadh Sár úr de Mhíocháil Fiodoroivits Románov, a mba mhac é d'Fhiódor Románov, céile iompairce Bhoiríos Godúnov agus col ceathar d'Íobhán Uafásach. B'é Míocháil seo a chuir tús le rítheaghlach mhuintir Románov sa Rúis.

Thar aon rud eile, theastaigh ón Impire úrcheaptha éirí as an chogadh leis na Sualannaigh, nó bhí siadsan ag cur as do na Rúisigh i gcónaí. Síníodh conradh nua síochána i Stolbova ins an bhliain 1617, ach ba bhocht an socrú é dar leos na Rúisigh, ó baineadh a cuid críoch chois Mhuir Bhailt den Rúis go hiomlán beagnach. An chimha a socraíodh leis na Polannaigh, níor fhabhraigh sí don Rúis ach an oiread, nó géilleadh críocha iartharacha na tíre do na naimhde, ar nós Smóileansc, an tseanchathair in aice le teorainn thoir na Bílearúise inniu. B'é dearcadh na Rúiseach, áfach, nach rabh ach géilleadh sealadach agus sos cogaidh i gceist.

Nuair a bhí an chogaíocht tráite, phill athair an tSáir ar an Rúis. Bhí sé ina eaglaiseach Ortadocsach anois, agus gaireadh Patrarc Mhoscó de. Déanta na fírinne, bhí seisean, seachas a mhac, i mbun na tíre a rabh fágtha dá shaol. Fiodor ba cheartainm dó, ach nuair a chuaigh sé leis an tsagartóireacht, ghlac sé an t-ainm Fiolairéat air.

Sna bliantaibh udaí bhí an Dáil Tíre - Zemski Sobor - cruinnithe an chuid ba mhó den am. Cineál pairliminte a bhí ann, siúd is nach rabh mórán cumhachta ag baint léithi, ach ina dhiaidh sin féin, choinníodh sí an Sár i dteagmháil éigin leis na cúigí agus a mbunadh, rud a chuidigh leis agus é ag cur bail agus caoi ar an tír aríst i ndiaidh na gcogaíocha fada tuirsiúla.

Fuair Fiolairéat bás ins an bhliain 1633, agus níor mhair a mhac ach dhá bhliain déag ina dhiaidh. Ansin, tháinig Aileicséigh Míocháileivits i gceannas ar an tír, ach ós rud é go mbíodh cúraimí na hoibre ag teacht ainchleachtaithe ar mo dhuine i dtús, fuair na lútálaithe is na stocairí barraíocht tionchair air. Chothaigh sin míshástacht agus reibiliúnachas i measc na cosmhuintire, go dtí gur phléasc trioblóidí - "an cheannairc shalainn" - amach ins an bhliain 1648. Thug seo ar Aileicséigh an Dáil Tíre a chur i mbun obair reachtaíochta dáiríribh, agus tháinig an Dáil le chéile le cineál bunreacht a dhréachtáil.

Go gairid ina dhiaidh sin rinne Míocháil patrarcach de Níocón a bhí i mbun na heaglaise i Novgorod. Fear éirimiúil uaillmhianach a bhí ann, agus theastaigh uaidh deasghnáthaí agus dogmaí na heaglaise a chur ar aon líne le máthaireaglais Chonstantanópail. Mar shampla, thug sé ar fhíréin na Rúise iad féin a choisreacan le trí mhéar, seachas le dhá cheann, mar ba nós i measc na cosmhuintire. D'éirigh "lucht an tseanchreidimh" (starovery) nó "scoilteoirí na heaglaise" (raskolniki) amach in éadan na "nuálacha" a bhí Niocón a chur chun cinn, agus tugadh bata is bóthar don Phatrarcach. Ina dhiaidh sin féin, bhí tromlach na n-eaglaiseach sásta leis na leasuithe a fhaomhadh is a fhormhuiniú, fiú ag an chomhthionól eaglasta chéadna a bhris Niocón as a phost. Mhair an scoilt i bhfad i ndiaidh lá Niocóin - i mblianta an Aontais Shóibhéadaigh féin, d'fhéadfaí a theacht trasna ar phobail bheaga scoite amuigh ar an iargúltacht nach rabh a fhios beo acu an Cumannachas, ná suim acu i gcúrsaí polaitíochta na comhaimsire, ó bhí siad i gcónaí ag cur in aghaidh an mhasla a thug Niocón don tseanchreideamh, dar leofa - ach ós rud é nach rabh de dhiagaireacht ag lucht an tseanchreidimh ach a dtroid in aghaidh na leasuithe, agus iad féin ag teacht crosach ar a chéile i dtaobh a lán saincheisteanna, rinne siad athscoilt i ndiaidh a chéile eatarthu féin, agus na scórtha de sheicteanna éagsúla ag teacht ar an fhód go géar gasta.

Tréimhse mhór fáis agus forbartha ab eadh í an atógáilt i ndiaidh Thréimhse na dTrioblóidí ar a lán bealtaí. hAtheagraíodh an t-arm de réir réamhshamplaí iartharacha, agus oifigigh phroifisiúnta á n-earcú is á ndruileáil le haghaidh an fhiannais, in áit fir uaisle nach rabh de dhintiúirí acu ach an chéimíocht aicme. Albanaigh ab eadh iad an chuid ba mhó de na saighdiúirí tuarastail a tháinig ón iasacht le bail a chur ar fhórsaí armtha na Rúise, agus d'fhág siad a lorg féin ar chultúr na tíre. Mar shampla, b'as Albain do shinsir an scríbhneora Léarmontov a bhí thuas ins an naoú haois déag, agus é ar duine de na filí móra Rúiseacha: Learmont ba sloinneadh don fhear a chuir tús leis an teaghlach.

An borradh a tháinig ar an chaiteachas mhíleata ins an tseachtú haois déag, ghoill sé go mór mór ar na scológa, nó b'iadsan a d'íocadh ar son an ghléas is an lón cogaidh, agus na cánacha ag teannadh orthu go dian. I dtús an tsamhraidh 1648 d'éirigh saighdiúirí amach i Moscó ag éileamh go gcuirfí an cháin ar shalann ar ceal. Ní rabh aon mhoill ar na saighdiúirí dílse an cheannairc seo a chloí, ach ba scéal eile ar fad é ceannairc Stéanca Raizín.


Stéanca Raizín


Taoiseach Cosacach a bhí i Raizín a bhíodh i gcónaí ag creachadóireacht ins an Pheirs agus i nDeisceart na Rúise. Cineál foghlaí a bhí ann thar aon rud eile, agus de thaisme, a bheag nó a mhór, a tharla i gceannas ar éirí amach abhalmhór é, i ndeireadh na 1660idí. Ag ascnamh suas an abhainn dá chuid díormaí, chorraigh siad na sluaite síoraí chun catha in éineacht, le ruaigeadh a chur ar na huaisle is ar an tSár. Tháinig arm Raizín a fhad le Suimbiorsc (Simbirsk) - an áit ar rugadh Léinín, dála an scéil, agus caithfidh sé go gcluineadh sé stairsheanchas fá dtaobh de Raizín cois tine nuair a bhí sé óg - ach b'ansin a chloígh fórsaí an tSáir é. Gearradh pionós thar a bheith brúidiúil ar Raizín agus ar a lucht leanstana: deirtear gur maraíodh céad míle de dhaoiní ar caitheadh amhras na ceannairce orthu. Scéal tipiciúil laochais a bhí i mbeatha agus i mbás mo dhuine, agus é ina spreagadh ag intinn chruthaitheach an duine. Mar sin, mhair cuimhne Raizín i bhfad ina dhiaidh i mbéal an phobail is na seachaithe, agus, go háithrid, ins na hamhráin tíre. Thairis sin, ní mór an t-úrscéal mór millteach éipiciúil a luaigh a chum Vasailí Siúicsín, scannánaí agus scríbhneoir, thiar ins na seascaidí. Tháinig an t-úrscéal amach i dtús na seachtóidí - Я пришёл дать вам волю/Ya prishol dat' vam volyu - "Tháinig mé leis an tsaoirse a thabhairt daoibh". Áirítear an t-úrscéal seo ar shaothair mhóra na litríochta Sóibhéidí i gcónaí, agus ní bheadh obair amú ann dá gcuirfí Gaeilge air. Is féidir a rádh gur cuid lárnach de mhiotas náisiúnta na Rúise é scéal Stéanca Raizín, agus meas an laoich ar mo dhuine.

Éirí Amach Chméilníotscaí


Bhí trioblóidí de chineál eile ag luí ar Chosacaigh na hÚcráine a bhí ina gcónaí ní b'fhaide san Iarthar ná muintir Raizín. Ba ghéillsinigh Pholannacha iad Cosacaigh na hÚcráine, go bunúsach, ach d'éirigh brilsce eadar iad agus na Polannaigh fá chúrsaí creidimh. Theastaigh ó na Cosacaigh a seanurraim a thabhairt d'eaglais Ortadocsach an Oirthir, agus Rí na Polainne ag iarraidh an Caitliceachas a bhrú anuas orthu. Thairis sin, ba mhian leis na huaisle Polannacha an feodachas is an seirfeachas a fhairsingiú a fhad le tír na gCosacach, rud nár thaitin leis na Cosacaigh féin ar aon nós. Nó is é is brí le "Cosacach", mar fhocal is mar choincheap, ná duine dá sliocht siúd a d'éalaigh ó lámh thapaidh na n-uasal feodach Rúiseach go dtí na machairí in iardheisceart na tíre. Ba dual do na Cosacaigh, mar sin, fuath a thabhairt don té a d'fhéachfadh tíorántacht den chineál seo a imirt orthu. Bhí mionchogaíocht ar obair eadar na Polannaigh agus na Cosacaigh comh fada siar le deireadh na seisiú haoise déag, ach nuair a tháinig an chuma ar an scéal go rabh siad ag cailleadh an chatha, chuaigh na Cosacaigh i dtuilleamaí an tSáir Aileicséigh Míocháileivits ins an bhliain 1653. Socraíodh go rachadh Cosacaigh an Iarthair isteach in Impireacht na Rúise, ach ó bhí fear oilte sciliúil ag déanamh na taidhleoireachta thar a gcionn - ceann urraidh Cosacach darbh ainm Bogdan Chméilniotscaí (nó Chmielnicki, mar a litríonns na Polannaigh é) - bhain siad amach comha aontais a bhí iontach fabhrach dófa: thoiligh an Sár le neamhspleáchas sách cuimsitheach a fhágáilt acu chun cúrsaí inmheánacha na hÚcráine a rialú. Ar an drochuair dá mhuintir féin, fuair Chmielnicki bás, agus chlis ar a mhac Iúirí (Seoirse, Jerzy) an bhearna bhaoil a líonadh ina dhiaidh. Tháinig na díormaí Polannacha isteach leis an "bhruach dheis" - an bruach thiar den abhainn udaí Dniepr - a fhorghabháil agus a cheangal dá dtír féin - a nascghabháil mar a deir lucht na nua-théarmaíochta ar Acmhainn.ie - agus b'é an bruach eile a fágadh ag an Rúis, mar a cinneadh i gconradh síochána na bliana 1667 in Andrusovo.

Ní rabh fad saoil i ndán don tsochaí áithrid sin, áfach, nó d'éirigh trioblóidí nua le ceannairc Phiotr Doraiséanco a rinne iarracht an uile Úcráin a ghabháil le dhul i gceannas uirthi é féin. Chuaigh sé a lorg cuidiú ó shabhdán na Tuirce, ach ní bhfuair sé a achainí; i gceann sraith bhlianta b'éigean dó é féin a thabhairt suas do ghinearáil an tSáir. B'é ba toradh dó seo, áfach, gur chaith an Pholainn, an Tuirc agus an Rúis an chéad cheithre scór bliain eile ag cur cogaidh ar a chéile agus iad ag iompairc fán Úcráin.

An Gabháltas ag dul ar an tSibéir


Ins an am chéadna bhí an cóilíniú Rúiseach ag teannadh soir ins an tSibéir, agus cathracha úra á mbunú. B'ins an bhliain 1639 a bhain an chéad fhórsa sluaíochta amach cósta an Aigéin Chiúin - nó Muir Ochóta, mar a bheirthear ar an mhurascaill taobh thiar de Leathinis Chaimtseatca. Na bundúchasaigh a bhí ina gcónaí ins an tSibéir roimh choinscleo na Rúiseach, ní rabh cur in aghaidh an ionraidh seo iontu, nó go bunúsach ba treibheanna scoite de shealgairí agus d'fhánaithe iad, agus cuid acu ag buachailleacht réinfhia. Nuair a thoisigh na cóilínithe Rúiseacha a líonadh isteach ina scórtha aniar, bhí lá na mbundúchasach caillte go hiomlán.

Ní rabh na fáiteallaithe fánacha ábalta ag an chineál seo naimhde, agus an cultúr feirmeoireachta a bhí acusan. Nuair nach rabh i gceist leis na Rúisigh seo ach fórsa míleata le do thír a ionsaí, bhí tú in ann a chreidbheáilt go n-éireochadh leat fá dheoidh ruaigeadh a chur ar na hionsaitheoirí; nó i ndiaidh an iomláin ní bhíodh aon mhoill ar na daoiní "primitíbheacha" riamh an dóigh cheart a fhoghlaim le húsáid a bhaint as an raidhfil, mar shampla: más agatsa ab fhearr a bhí fios na mbólaí seo, níor theastaigh uait ach éirí eolach ar na hairm nua a tháinig isteach leis na hionraitheoirí, agus bhí an lá leat.

A thúisce is a d'éirigh leis na Rúisigh an talamh a thabhairt chun tíreachais, seadó a dhéanamh ins an áit agus a rogha cuma a chur ar an imshaol, ní rabh fágtha ag na bundúchasaigh ach a mhór a dhéanamh den drochscéal. Cuid acu, d'éirigh leofa go measartha déanamh as dófa féin agus iad ag díol fionnaidh leis na cóilínithe agus leis na trádálaithe. An chuid eile, áfach, ba bhocht an cruatan a d'fhuiling siad, agus na baillí is na Cosacaigh ag gearradh cíosa is cánach orthu de réir mar a thigeadh an tallann orthu. Nó bhí an tSibéir i bhfad ar shiúl ón tSár, agus cead a chinn ag achan ábhar deachtóra impire beag a ghairstint de féin. Bhí Oirthear Fiáin seo na Rúise iontach cosúil le hIarthar Fiáin Mheiriceá dhá chéad bliain ina dhiaidh.

Bhí lá Pheadair Mhóir ag gealadh fán am seo.

Peadar Mór


Rugadh Piotr Aileicséigheivits Románov ins an bhliain 1672. Le linn a chéad óige ní rabhthar ar aon bharúil fán chomharbacht, agus trioblóidí ar coipeadh sa chúirt: ba chuid de shaoltaithí an bhuachalla bhig daoiní uaisle a fheiceáilt báite ina gcuid fola le súile a chinn féin. Chun Peadar óg a choinneáil slán sábháilte ó chaimiléireacht na cúirte tógadh fán tuath é, áit ar éirigh sé mór leis an chosmhuintir agus - thar aon dream eile de dhaoiní - le muintir Nemetskaya Sloboda.

I gComhluadar na gCoimhthíoch


Is é is brí le Nemetskaya Sloboda ná Saorcheantar na nGearmánach - déanta na fírinne, ní Gearmánaigh amháin a bhí ina gcónaí ansin, ach strainséirí ó thíortha eile freisin, ach i dtús báire d'úsáidtí an focal nemets a chiallaíonn "Gearmánach" i Rúisis an lae inniu - d'úsáidtí é le tagairt do strainséir ar bith a rabh teanga dhothuigthe á labhairt aige. (Tá an téarma seo gaolmhar leis an aidiacht a chiallaíonns "balbh" - nemoy; is minic a shíleanns lucht labhartha aon teanga amháin gur balbh nó bodhar atá an té nach bhfuil in ann an teanga "cheart" a chanadh ná a thuigbheáilt.) Cad fáth a dtugtaí "saorcheantar" ar an áit, mar sin? Bhail, bhí dianseirfeachas i bhfeidhm ar an Rúis ar fad, agus b'éigean díolúine - saoirse speisialta - ón tseirfeachas a phronnadh ar na heachtrannaigh - ceardaithe, tráchtálaithe agus a leithéidí - a bhí ina gcónaí san áit.

D'fhoghlaim Peadar óg léann nua-aimseartha an Iarthair agus go leor scileanna innealtóireachta ó mhuintir an tSaorcheantair. Ón taoibh eile de, ó tharla go rabh a fhios aige go rabh sé i ndán dó a dhul i gceannas ar an tír ab fhairsinge ar domhan, fágadh gan toilsmacht é. Ba dual dó ragairne rábach ó bhí sé ina dhéagóir óg aerach, agus é ag ól is ag bualadh craicinn ar nós an diabhail féin má bhuail an tallann é.

An Sár ina Chearpantóir


Gaireadh Sár de Pheadar nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois. Nuair a bhí sé cúig bliana fichead, d'fhág sé Moscó in éineacht le lucht mór coimhdeachta le dhul i dtaithí ar chultúr na hEorpa. Chaith sé seal ins an Ollainn, agus é ina phrintiseach cearpantóra sna longcheártana, nó bhí an-spéis aige riamh ins na longa agus i gcúrsaí loingseoireachta. Lean sé air ag tógáil long i Sasain, agus é ag déanamh dianstaidéar ar an chineál saoil a bhíodh ag na daoiní ins na tíortha coimhthíocha, ar an chineál sochaí agus forais shóisialta a bhí iontu. D'fhruiligh sé slua mór eolaithe is lucht léinn le haghaidh na Rúise agus chrom sé ar mhalairt cuma agus cumraíochta a chur ar shaol na tíre.

Fear tallannach, fear cruálach


Ag pilleadh chun an bhaile dó fuair sé a chuid saighdiúirí i mbun ceannairce. Ó bhí sé i ndiaidh dhá reisimint den chéad scoith a chur ar bun roimh imeacht ar an choigríoch dó, agus iad mionnaithe dó go pearsanta, chuaigh aige lucht na ceannairce - na Streiltsigh (nó na "Lámhachóirí"), lucht na seanreisimintí - a cheansú go gasta. Na tuathghríosóirí a chuir tús leis an éirí amach, básaíodh go sciobtha iad, ach ina dhiaidh sin féin, chrom Peadar ar na gnáthshaighdiúiri a chéasadh le h-"aidmheáil a gcuid míghníomhartha is coireanna" a bhaint astu. B'iomaí súil a stoith sé agus b'iomaí srón a réab sé. Déanta na fírinne, ba mhór an t-ábhar suilt is saobhthaithnimh dó riamh príosúnaigh a chéasadh. Ba chuid é seo d'fhiántas is de bharbarthacht a charachtaera, agus gach seans go rabh baint aige seo le comh tugtha agus a bhí sé do chraiceann a chuid ban: sílim nach rachainn thar an cheasaí ag rádh gur gealt gnéis agus Sádach a bhí i mo dhuine.

I ndiaidh an ródaigh seo rinne mo dhuine deimhin de nach dtitfeadh a leithéid amach aríst. Chuir sé eagar agus inneall ar an arm, na Cosacaigh ins an áireamh, agus chuir sé coinscríobh i bhfeidhm ar aicmí nua den tscochaí. Mar a chonaic muid cheana, bhí a chroí sáite ina chuid long, agus é iontach gnoitheach ag iarraidh cabhlach ceart a thógáilt don tír, ach, gan amhras, rinne sé téisclim mhór chogaidh ar bhealtaí eile freisin, ag earcú is ag cóiriú reisimintí nua airm agus ag cur garastúin á dtógáilt.

Cogaíocha Pheadair


Agus é comh doirte sin don arm, ní díol iontais é gur iompaigh sé amach ina fhear mhór cogaíochta. I mblianta deireanacha na seachtú haoise déag chuir sé cogadh ar an Tuirc agus bhain amach tailte nua theas. Ins an bhliain 1700, áfach, chuir sé a ladar i gCogadh Mhór an Tuaiscirt, coimhlint fhadaraíonach a rabh an tSualainn, an Danmhairg is an Pholainn in abar inti cheana féin. Mhair an cogadh áithrid seo an chéad scór bliain den ochtú haois déag, agus ó chuaigh Rí na Sualainne, agus é i ndiaidh a arm ar fad a chailleadh i gcath Poltava sa bhliain 1710, - ó chuaigh Rí na Sualainne ar lorg cuidiú ó Shabhdán na Tuirce, d'éirigh in athuair eadar an Rúis agus an Tuirc. Ba bheag a fuair Peadar de bharr an chogaidh seo, amach ó phíosa den Fhionlainn a bhí de dhíth air le cúl a phríomhchathrach úrbhunaithe a chosaint.

An Phríomhchathair Nua


Nó is amhlaidh gur le linn an chogaidh seo a thoisigh Peadar a thógáilt na cathrach a bhfuil a ainm is a chuimhne ceangailte daoithi: Sanct-Peitearburg, Cathair Naomh Peadair. Déanta na fírinne, bhí cathair ann cheana féin, baile beag daingnithe de chuid na Sualannach: Nyen as Sualainnis, nó Nevanlinna as Fionlainnis. Scrios Peadar daingean Nyen (nó Nyen-Skans) agus chuir sé d'fhiachaibh ar bhunadh an cheantair thart ar an áit - an Ingearmanlann a bheirtí ar an chúige ar na saoltaibh udaí - a dhul a thógáilt na cathrach nua dó. Bhí láithreán na n-oibreacha seo inchomórtais ar fad le sluachampaí géibhinn Stailín, agus na sclábhaithe comh héigiontach le chéile ins an dá áit. Lena cheart a thabhairt do Pheadar, áfach, ní mór dúinn a aidmheáil gur éirigh leis an tSár shíorbhuailteach rud fónta a chur i gcrích ar an bhealach ghránna seo: ba bheag toradh úsáideach a bhíodh ar a rabh eadar lámhaibh ag daoroibrithe Stailín, nó cha rabhthas go bunúsach ach á gcéasadh, gan aon chuspóir ceart a bheith lena streachailt. Maidir le Peadar, chan lena gcéasadh amháin a mhaslaigh sé na daoiní bochta, siúd is gur cuma leofa féin ins an deireadh, agus iad ag déanamh créafóige faoi bhun na cathrach.

In ndiaidh an chogaidh, fógraíodh an chéad Impire uile-Rúiseach de Pheadar. Nó siúd is go rabh an teideal udaí "Sár" á chleachtadh ag ríthe Mhoscó le fada - agus an focail féin - tsar' - bunaithe ar ainm Iúil Séasair ar tús - cha mbíodh Impirí na Rúise ag tabhairt imperator orthu féin roimh Pheadar.

Leasaitheoir an Riaracháin is na Sochaí


Ós rud é go rabh Peadar comh tugtha sin d'eolaíocht is do léann an Iarthair, agus é ag cur suim i gcóras riaracháin is rialtais na dtíortha Iartharacha fosta, ní hionadh gur chaith sé cuid mhór dá am ag iarraidh malairt crutha a chur ar a thír dhúchais ag déanamh aithrise ar an Iarthar. Is é an rud a theastaigh uaidh ná deireadh a chur leis na prikazy, na húdaráis lárnacha a rabh gach aon cheabb acu bunaithe ar ordú ar leith ón tSár seo nó siúd fadó - déanta na fírinne, "ordú" is bunchiall leis an fhocal prikaz féin - agus a gcuid dualgaisí ag teacht salach ar a chéile go mion minic. Bhí sé de rún ag Peadar córas ní ba solúbtha a chur in áit tranglam na bprikazy. Ins an am chéadna, lean Peadar ag cloí na sean-uasalaicme - na tiarnaí talaimh - le haicme nua de mhaorlathaigh oilte a chur ina hionad. D'aicmigh Peadar na maorlathaigh de réir tábla céimíochtaí a bhí múnlaithe in aithris ar chóras na gcéimeanna míleata: an duine a bhainfeadhgbhainfeadh amach céim sách ard ag dul suas an dréimire seo, phronnfaí gradam uaisleachta air is ar shliocht a shleachta. Dá thoradh seo, tháinig uasalaicme nua - uasalaicme na maorlathach - in iomaíocht leis na seantiarnaí talaimh.

Fear Mór Tionsclaíochta agus Marsantachais


Chuir Peadar an chéad bhun leis an réabhlóid tionsclaíochta freisin, nó bhunaigh sé monarchana anseo is ansiúd le tráchtearraí déantúsaíochta a tháirgiú le haghaidh easpórtála, agus é ag iarraidh an margadh intíre a chosaint ar iompórtáil iasachta ins an am chéadna fríd dhleachtanna arda caomhnaitheacha a ghearradh is a thobhach - is é sin, bhí sé ag cleachtadh an chineál polasaí ar a dtugann na staraithe eacnamaíochta marsantachas. (Leis an tseachtú haois déag is mó a bhaineanns an marsantachas ins an chuid is mó den Eoraip, dar liom, nó tháinig na fisealathaigh chun tosaigh ins an ochtú haois déag, agus iad ag cur níos mó béime ar shaoirse an ghnóthadóra ghustalaigh.)

An Cultúr Nua


Cha rabh moille ar Pheadar nuálacha a thabhairt isteach i gcúrsaí cultúir ach an oiread. Bhunaigh sé scoltacha le heolaithe mara agus loigseoireachta a oiliúint, agus téacsleabhartha eolaíochta á bhfoilsiú, ceimic is fisic, geograife is réalteolaíocht, matamaitic is innealtóireacht. Chrom na saieolaithe ae imeallchríocha na Rúise a léarscáiliú agus ar theangacha a muintire a fhoghlaim is a staidéar. Chuir Peadar deireadh leis na féasóga fada agus le nósanna seanbhunaithe eile nár áirigh sé oiriúnach agus an tír le cur i dtreo na haoise nua. Níor leasc leis, fiú, na féasóga a ghearradh dá chuid cúirteoirí lena láimh féin, rud a chuir an-mhíchompord ar an duine bhocht a fuair é féin faoi rásúr an Impire, agus a fhios aige nósanna brúidiúla Pheadair.

Ós rud é nach rabh Peadar, an fear mór ragairne, craicinn agus pléaráca a thréig an chéad bhean chéile s'aige ar mhaithe leis an mhnaoi luí ab ansa leis, - ós rud é nach rabh sé in ann aon tabhairt suas cheart a chinntiú dá mhac, ní bhfuair seisean - Aileicséigh ab ainm dó, agus é ainmnithe as athair Pheadair - le hoidhríocht ach drochthréithre a athara. Bhí sé corrach guagach mar dhuine, agus é ag braiteoireacht ón chráifeacht go dtí an ragairne óil. Bhain an freasúra coimeádach eaglasta a ngaisneas as an mhac, nó bhí siad meáite ar Pheadar a ruaigeadh as an ríchathaoir agus Aileicséigh a chur ina áit mar bhalbhán fannlag d'Impire, le go mbeidíst féin ag rialú na tíre. Tháinig an chomhcheilg seo chun solais, áfach, agus thug an tImpire drochíde mhíthrócaireach dá mhac le hainmneacha na gcomhchealgairí eile a fháscadh as. Ins an deireadh thiar thall, maraíodh Aileicséigh ins an phríosún.

Bás Pheadair agus Praiseach Nua na Comharbachta


Fuair Peadar Mór bás ins an bhliain 1725, agus é ag saothrú an bháis le tamall éigin cheana, leis na galair ghnéis agus ólacháin a d'fhág an saol sultmhar air. Ó bhí an mac marbh, d'fhág sé cúrsaí na comharbachta ina bpraiseach ina dhiaidh. B'í baintreach Pheadair, Caitríona (nó Éacaitéiriona) ba túisce a chuaigh i seilbh na tíre, ach nuair a fuair sí bás, gaireadh oidhre úr de gharmhac Pheadair - Peadar a bhí airsean freisin. Cha rabh ann ach buachaill óg, agus tholg sé ulpóg a bháis sula rabh d'uain ag lucht na cúirte é a chorónú ina Impire nua. Ansin, b'í Anna Íobhánovna - Áine, iníon Eoin -, neacht shean-Pheadair, chun tosaigh mar Bhan-Impire sealadach, agus lucht na comhairle rúnda ag iarraidh srianta a choinneáilt lena cumhacht le dianchoinníollacha. Cha rabh Áine sásta leis na coinníollacha, ní nach ionadh, agus nuair a fuair sí an chéad áiméar, chuir sí lánscor ar an chomhairle rúnda agus chaith sí na comhairleoirí i dtóin phríosúin. Mar sin, bhain sí an bhearna de na móruaisle, agus ós rud é gurb ón Laitvia daoithi ó thús, d'fhoscail sí geaftaí an pháláis dá cuid ceanán ón chearn sin den domhan. Lucht labhartha Gearmáinise a bhí iontu sin, cosúil leis an chuid is mó d'uasalaicme na dtíortha Bailteacha, agus dímheas acu ar an Rúisis agus ar chultúr is ar nósanna na tíre. Mar sin, fuair na Rúisigh iad féin curtha i leataoibh ina bpríomhchathair féin.

B'é leannán Áine, fear dar sloinne Biron, a bhí i gceannas ar lucht leanstana an Bhan-Impire, ach nuair a bhásaigh Áine, d'éirigh eadar Biron agus peataí eile na caillí, agus cimíodh é go luath. Bhí na cúrsaí comharbachta ina bpraiseach i gcónaí, agus is mar sin a d'fhan siad, go dtí go dtearn Éilís (Éiliozaivéata), deirfiúr Pheadair Mhóir, an chumhacht a fhorghabháil le láimh láidir i Mí na Samhna den bhliain 1741. Ó bhí Éilís comh bréan breoite de na Gearmánaigh agus an chuid eile de na móruaisle Rúiseacha, ruaig sí chun na Sibéire iad, agus thug sí isteach Rúisigh dhúchasacha ina n-áit le gnoithí na ríochta is an rialtais a reachtáil.

Ní rabh Éilís róthugtha do ghnáthaimh an rialtais, nó b'fhearr léithi pléaráca agus ragairne. Murab ionann is Peadar Mór, áfach, thuig sí go sármhaith comh tábhachtach is a bhí cúrsaí na comharbachta, agus í ag iarraidh líne ghlan folaíochta ó Pheadar Mhór anuas a dhearbhú mar bhunchritéar don oidhre cheart Impiriúil. Ar an drochuair, roghnaigh sí an duine contráilte mar chomharba: Karl Peter Ulrich von Holstein-Gottorp.

Bhí fuil Pheadair Mhóir i gKarl Peter Ulrich ceart go leor, ach sin a rabh de dáiríribh. Nó siúd is gur mac deirféara do Pheadar a bhí ann, cha rabh focal Rúisise ina phluic, ná suim aige i gcúrsaí na tíre. Nuair a tháinig an buachaill seo i réim ins an bhliain 1761, agus Éilís básaithe, bhí an Rúis agus an Phrúis in adharca a chéile, agus Cogadh na Seacht mBlian faoi lántseol. Bhí an Phrúis ag cailleadh fóid go tiubh, agus Feardorcha a Dó (Friedrich II), rí na Prúise, ar shéala géilleadh go neamhchoinníollach. Is amhlaidh, áfach, nach rabh i gKarl Peter Ulrich - nó Peadar a Trí, mar a bheirtí air ins an Rúis - nach rabh ann ach mionphrionsa Gearmánach, go bunúsach. Agus mar ba dual do mhionphrionsa Ghearmánach, bhí sé ag dearcadh ar Rí na Prúise mar bhoc mór millteach a rabh urraim agus dílseacht ag dul dó - cha rabh sé in ann a thuigbheáilt go rabh sé féin ar aon leibhéal le Feardorcha anois, agus é ina Impire ar ríocht comh fairsing leis an Rúis! Mar sin, d'éirigh Peadar a Trí as an chogadh ar an toirt. Aon scraith talaimh de chuid na Prúise a bhí sealbhaithe ag díormaí na Rúise, thug Peadar ar ais d'Fheardorcha í, agus sin faoi chroí mhór mhaith.

Is beag an díol iontais é gur tharraing a leithéid d'fheillbheart míghnaoi an airm ar Pheadar a Trí. Agus bígí cinnte nach rabh aon mhoille orthu a dhul chun cearmansaíochta ar mo dhuine. Bhí siad i gcomhcheilg le Caitríona, bean Pheadair, agus í sásta iomlán na cumhachta a ghlacadh chuici féin, nuair a bhí an tImpire scuabtha i leataoibh.

Caitríona Mhór


Gearmánach a bhí i gCaitríona féin, agus í ina mion-bhanphrionsa as ceann den dúrud stáitíní beaga neamhspleácha a bhí ins an Ghearmáin ar na saoltaibh sin. Ach más amhlaidh féin, ghlac sí a dualgaisí impiriúla as pabhar dáiríribh. Rinne sí a croídhicheall le haithne a fháil roimh ré ar an tír seo ina rabh sí le gnoithe na banríona a dhéanamh. Má bhí Peadar a Trí dall ar fad ar theanga na Rúise, cha rabh aon chúl ar Chaitríona í a fhoghlaim go paiteanta. Deirtear go gcleachtaíodh sí Rúisis líofa bheoga na ngnáthdhaoiní, agus deis a labhartha go maith aici, siúd is gur theip uirthi an chorruair caighdeán ceart na gramadaí a thabhairt léithi. Cibé scéal é, bhí na Rúisigh sásta glacadh léithi mar duine acu, agus rinne sí a cuid féin dá gcultúr, eadar shuáilcí agus dhuáilcí. Cha rabh mórán suime aici riamh ina fear ó thaobh an chraicinn de, ná aigesean inti féin, agus nuair a rugadh mac daoithi i ndiaidh naoi mbliana pósta sa bhliain 1754, is iomaí tuairim a thug lucht na caidéise ar an té a chuir an síol: b'é an scéal ba mhó scainnir ná gur scológ de phór na Fionlainne a bhí in athair an mhic - duine acu siúd a rabh cónaí orthu ins na sráidbhailte beaga thart ar an phríomhchathair. Fíor nó bréag é, ní bhfuair Caitríona a páiste a thógáilt í féin, nó b'í Éilís a ghlac uirthi féin an obair sin a dhéanamh. Paibhéal - Pól - an t-ainm a baisteadh ar an leanbh.

Bás an Treas Peadar


Ins an bhliain 1762 a chimigh baicle d'oifigigh an Airm Peadar a Trí, agus mar is gnách ina leithéid de chás, fuair mo dhuine bás "faoi imthoscaí doiléire" go gairid ina dhiaidh sin. Gaireadh impire mná de Chaitríona, agus chrom sí ar a cuid oibre go díograiseach. Ós rud é gur Gearmánach a bhí inti ó dhúchas, rinne sí a dicheall gnaoi na Rúiseach a thabhú. Thug sí bata agus bóthar do na hoifigigh Phrúiseacha a bhí earcaithe ag a fear céile le haghaidh an airm, agus í ag cur saighdiúirí dúchasacha ina n-áit. Na tailte a choigistigh Peadar Mór, fuair an eaglais Ortadocsach ar ais iad ó Chaitríona faoi chroí mhór mhaith, agus na heaglaisigh buíoch beannachtach ar a son. Nuair a corónaíodh ina Banimpire í, choisric siad í de réir an tsearmanais chéadna a bheadh ag dul d'aon impire fir.

Banimpire Soilsithe


Bhí Caitríona eolach ar smaointeachas forásach Iartharach na linne, ar nós fealsúna eagnaíochta na Fraince, a bhí ag cur síol na réabhlóide fán am sin. Ó bhí a gcuid scríbhinní faisiúnta mar lón léitheoireachta ag na maithe is na móruaisle, ní leis an réabhlóid a shamhlaigh Caitríona iad, ach le rialtas maith forásach, agus i dtús a réime rinne sí iarrachtaí áithride an smaointeachas seo a chur i bhfeidhm ar an tír mar chuid dá gnáthobair rialtais. Níor éirigh comh maith léithi le seo agus mar a bhí súil aici leis. Chuir sí le chéile cineál tionól nó pairlimint le fáil amach fá dtaobh den dearcadh a bhí ag an náisiún féin ar chúrsaí rialtais na tíre. Ó nach rabh cleachtadh ag aon duine de na feisirí seo ar nós imeachta an daonlathais - ná déanaimis dearmad de nach rabh daonlathas forbartha le fáil in aon áit ar dhroim an domhain go fóill, nó cha rabh na Stáit Aontaithe féin ach sna fonsaí tógála fán am seo - bhris ar a foighid ag Caitríona, agus scoir sí an tionól seo aríst. Ina dhiaidh sin féin, rinne sí leasuithe bunúsacha ar an rialtas áitiúil nó réagúnda, agus í ag féacháilt le haird a thabhairt ar thuairimí agus ar éilimh an tionóil, nó an chuid acu a fuair sí sách ciallmhar nó siosmaideach. Thar aon chuid eile, dhílárnaigh sí cuid mhór den rialtas réagúnda fríd sheanchúigí a scoilt, cúigí nua a bhunú agus leibhéal nua rialtais réagúnda - an ceantar - a thabhairt isteach. Ar an bhealach seo, thug sí ar an uasalaicme áitiúil páirt a ghlacadh i rialú na tíre - rud nach rabh siad sásta a dhéanamh dá ndeoin féin.

Éirí Amach Nua na gCosacach


Bhí an seirfeachas ag tarraingt trioblóide ar Chaitríona ar bhealach a chuirfeadh i gcuimhne Stéanca Raizín ins an tseachtú haois déag. Nó d'éirigh ina cheannairc ins na tailte taobh thuaidh den Mhuir Chaisp, eadar na haibhneacha Volga agus Iaidhic. (D'athbhaist Caitríona an t-ainm "Úráil" ar an abhainn sin Iaidhic d'aonturas in éis na ceannairce seo, lena cuimhne a mhúchadh - go dtí sin níor thagair ainm na hÚráile ach amháin do na Sléibhte Úrálacha a scaranns an Áise ón Eoraip.) Chuaigh an Cosacach Éiméilian Pugaitseov i gceannas ar lucht na ceannairce, agus mar a d'éiligh traidisiún na Rúise, bhain Pugaitseov úsáid as cleas Dmitrí Bréige: is é sin, d'áitigh sé go mb'é Peadar a Trí ar a sheachnadh ó na dúnmharfóirí. Nuair a phléasc an cheannairc seo amach ins an bhliain 1773, bhí an chuid ba mhó d'Arm na Rúise ar shiúl ag cur cogaidh ar an Tuirc, mar ba ghnách, agus cead a gcos ag na ceannairceoirí ar fud na tíre, dá réir sin. B'iad na seirfigh ba chroí d'arm Phugaitseov, ach fuair siad tacaíocht ó shluaite de Chosacaigh, agus de réir a chéile thaobhaigh an dúrud dreamanna míshásta eile leofa, ar nós na mionlach saindúchais a rabh canúintí Tuirceacha á labhairt acu agus iad ina Muslamaigh ó thaobh an chreidimh de. Maraíodh na scórtha uaisle, agus an chuid a tháinig slán as an fhaopach, níor sparáil siad na dathanna ag cur síos ar na huafáis a bhí feicthe acu. Baineadh scanradh as Caitríona. Shocraigh sí síocháin leis an Tuirc comh tapaidh in Éirinn agus a thiocfadh léithi, agus ansin thug an t-arm Rúiseach aghaidh ar na ceannairceoirí ina dtír féin.

Bhí na seirfigh ag seasamh an fhóid go héadóchasach in éadan shluaite Chaitríona. Bhí ciall ínteacht ag Pugaitseov do chúrsaí polaitíochta, murab ionann agus ag Raizín, nach rabh ann ach foghlaí agus taoiseach treibhe, i ndiaidh an iomláin. Mar sin, d'fhéach Pugaitseov le dlíthe dá chuid féin a reachtú, a eisiúint agus a chur i bhfeidhm: d'fhógair sé go rabh an seirfeachas curtha ar ceal, agus é ag iarraidh tailte na dtiarnaí a roinnt ar na scológa sceidíneacha, ar na bochta is ar na nochta. Mar sin, thug Pugaitseov cúis pholaitiúil do lucht a leanstana. Cúis a bhí ann a chosnóchaidís go míthrócaireach i bpáirc an áir.

I Mí Lúnasa den bhliain 1774 a cuireadh an cath mór a shocraigh an scéal. Tháinig táinrith agus scabadh na mionéan i ndíormaí Phugaitseov. Cimíodh an ceann urraidh féin, agus cuireadh chun báis é i dtús na bliana 1775. Níor leor é sin, áfach, nó i ndiaidh na buaidhe chaith fórsaí sluaíochta greas maith ama ag siúl na gcúigí is na gcúlriasc agus iad ag baint sásamh fola as na scológa a fuarthas ciontach ins an cheannairc. Ruaigeadh lear mór daoiní óna gceantair dhúchais go dtí an tSibéir, agus tugadh an seirfeachas isteach i ndúiche na gCosacach, a bhí comh bródúil sin as a seantsaoirse.


An Saoradh ó Bhráca ar Fionraí


I ndiaidh na dtrioblóidí seo, tháinig Caitríona Mhór ar athrú comhairle i dtaoibh shaoirse na scológ is na seirfeach, ní nárbh ionadh. Bhí an caochló seo le haithne ar a polasaithe cultúir fosta. I dtús a réime bhí sí an-ghnoitheach ag iarraidh faisiúin intleachtúla Phárais a chur chun cinn sa tír, ach ní rabh sí róthugtha don litríocht dhúchasach a bhí ar na bacáin fán am seo. Nuair a thoisigh sí a thabhairt airde uirthi, ní le dea-mhéin a rinne sí é. Chuir sí an-ghron ina rabh á chur ar pár ag na huaisle faoi thionchar an smaointeachais Iartharaigh chéadna a rabh sí féin comh doirte dó. Chaith sí Niocoláigh Nóiviocov, athair na hiriseoireachta Rúisise, i dtóin phríosúin, nuair a d'aithin sí go rabh sé ag foilsiú leaganacha Rúisise de scríbhinní radacacha Francacha. Bhí réabhlóid na Fraince sna fonsaí tógála san am, nó fiú faoi lántseol, rud a bhí ag cur go mór mór as don Bhanimpire, mar is léir ón dóigh ar chaith sí le hAileacsandar Raidistseav.

Cás Raidistseav

Chardáil mé cinniúint Raidistseav i gcomhthéacs eile cheana féin, ach ní miste cupla focal a rádh ina thaoibh anseo féin. D'fhoghlaim Raidistseav dlí i Moscó, agus ansin, chuaigh sé go dtí Leipzig na Gearmáine le dlaíóg mhullaigh a chur ar a oideachas ar an choigríoch, mar a theastaigh ó Rúisigh ardléannta a linne. Phill sé chun an bhaile agus thoisigh sé a dh'obair ina dhlítheoir ins an státseirbhís, rud a chuidigh leis aithne cheart a fháil ar iomlán na héagóra sóisialta ar fud na Rúise. Mar sin, scríobh sé leabhar - Taisteal ó Chathair Pheadair go Moscó - ina dtug sé cur síos neamhbhalbh ar na fadhbanna agus na trioblóidí a bhí ag crádh na tíre. Thairis sin, bhí sé de dhánacht i mo dhuine an tátal a bhaint as an scéal nach dtiocfadh feabhas ná biseach ar na cúrsaí ach córas an tseirfeachais a chur ar ceal agus na scológa a shaoradh ó bhráca. Réabhlóideachas lom mínáireach a bhí anseo, dar le Caitríona, agus ruaig sí Raidistseav chun na Sibéire i ndiaidh an fear bocht a dhaoradh chun báis ar tús. Tháinig Raidistseav slán ó thua an bhásadóra, ach nuair a fuair sé cead pilleadh chun an bhaile ón tSibéir, i ndiaidh bhás Chaitríona, bhí a chroí briste ag an chruatán, agus cha rabh biseach ar fáil dó: chuir sé lámh ina bhás féin le teann éadóchais.

"Stáidbhean na Rúise" ag cogaíocht

Ní rabh réimeas Chaitríona saor ó chogaíocha, ach oiread. Nó chuir stáidbhean na Rúise, mar a thug Runeberg, file náisiúnta na Fionlainne, uirthi, - chuir sí cupla cath ar na Sualannaigh; ach b'é an sean-namhaid, sabhdán na Tuirce, ba mhó a tharraingíodh súil Chaitríona ina leith. Bhí Gustaf a Trí, rí na Sualainne, iontach araiciseach chun troda le hoirthear na Fionlainne a fháil ar ais ón Rúis, ach, thairis sin, bhí sé ag dréim le Cathair Pheadair a ghabháil, i gcruth is go dtiocfadh leis malairt impire a chur in ionad Chaitríona - impire a bheadh ina phuipéad ag an tSualainn! Ar ndóighe, thuirsigh Gustaf é féin agus a chuid saighdiúirí i bhfad roimh an chuspóir neamhréadúil meigleamáineach seo a bhaint amach ar aon nós; ón taoibh eile de, siúd is go rabh arm na Rúise ábalta go maith an fód a sheasamh in éadan na Sualannach, bhí an teagmháil seo ag éileamh fórsaí armtha a bhí ag teastáil ar chathéadan na Tuirce. Mar sin, nuair a socraíodh an tsíocháin i ndiaidh chupla bliain cogaíochta sa bhliain 1790, bhí an dá thaobh sách géilliúlach dá chéile, agus iad ar aon bharúil nach rabh aon ghá leis na teorainneacha a athrú soir ná siar.

Críochdheighilt na Polainne

B'é an t-éacht ba mhó i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh a d'éirigh le Caitríona ná críochdheilghilt na Polainne. (Nó an choir ba mhó, dar le muintir na Polainne.) Nuair a bhí rí nua le ceapadh don tír sin sa bhliain 1763, chuaigh Caitríona i muinín gach cineál uisce faoi thalamh agus bagairtí le puipéad dá cuid féin a chur ag rialú na tíre sin. Bhí an t-ádh léithi, nó gaireadh rí de Stanislaw August Poniatowski, iar-leannán leapa dá cuid féin, agus é ina ambasadóir Pholannach i gCathair Pheadair go dtí an ceapachán seo. Fear ró-éirimiúil, ró-thírghráúil a bhí i Stanislaw August le Caitríona a shásamh taobh amuigh den leaba, mar a d'iompaigh an scéal amach, nó bhain sé mealladh aisti ar fad lena chuid polasaithe: d'fhéach sé le córas polaitíochta na Polainne a fheabhsú is a dhaingniú agus an tsean-ainriail a ruaigeadh, agus é ag iarraidh eacnamaíocht na tíre a thabhairt i dtreo an bhisigh comh maith. Nuair a sháith Caitríona a ladar i saol pholaitiúil na Polainne leis an fhorbairt seo a chosc, chuaigh uaisle na tíre in anuabhar uirthi. Thionóil siad i mBar le konfederacja a bhunú - is é sin, cineál "comhcheilg phoiblí" nó comhcheangal den chineál a cheadaigh bunreacht na Polainne do na fir uaisle. Bhí sé de chuspóir acu ar tús an creideamh Caitliceach a chosaint, ach is é an chiall a bhain an chuid is mó de na baill as seo ná go rabh an comhcheangal le cath a chur ar Chaitríona agus ar na Rúisigh. Bhí lucht an chomhcheangail in ann slua mór saighdiúirí a earcú go sciobtha, agus iad ag éirí an-bhagrach i súile an Bhanimpire.

Na Haighdeamacaigh ag easaontú leis an Pholainn

An chéad chuspóir a bhí ag an chomhcheangal, áfach - an cath i bhfách leis an Chaitliceachas - níor thaithin sé le cách i bPolainn ilnáisiúnta, ilchreidmheach na linne. Mura gcuireadh an Comhcheangal an oiread sin béime ar an chreideamh Chaitliceach, d'fhéadfaí Cosacaigh na hÚcráine - na Haighdeamacaigh - a chealgadh chun comhoibriú, ach mar a d'iompaigh na cúrsaí amach, bhí na Cosacaigh as pabhar míshásta le pleananna na n-uasal, agus, ins an deireadh thiar thall, d'éirigh ina chogadh chathartha eadar an dá dhream. B'é ba toradh dó sin ná gur chuir an Rúis, an Ostair agus an Phrúis, an trí chomharsanach, - gur chuir siad ladar i gcúrsaí inmheánacha na Polainne aríst, agus ansin, chuaigh an chéad chríochdheighilt ar an tír, ins an bhliain 1772. Níor chaill na Polannaigh, áfach, ach píosaí beaga de thailte in aice leis na teorainneacha, ach b'é fíor-oighear an scéil gur cuireadh srianta i bhfeidhm ar rialtas na Polainne, srianta a bhí dírithe ar lucht rialtais na tíre a stopadh ó aon iarracht le córas rialaithe an stáit a leasú nó a nua-aoisiú. B'é an liberum veto an chloch ba mhó ar phaidrín na leasaitheoirí forásacha ins an Pholainn.

Liberum veto

Is é is brí leis an liberum veto ná go rabh gach aon mhac máthar de na mionuaisle féin i dteideal bille ar bith a stopadh ins an Dáil - nó Sejm, mar a bheirthear uirthi as Polainnis - ach na focail nie pozwalam ("ní cheadaím") a rádh. Ní cheadóchadh Caitríona do na Polannaigh, áfach, an prionsabal seo a chaitheamh i dtraipisí. Fad is a bheadh sé i bhfeidhm, thiocfadh le Caitríona smacht iomlán a choinneáil ar an Sejm, nó ní bheadh de dhíth uirthi ach aon duine amháin de na teachtaí a bhreabadh chun reachtaíocht ar bith a chealú nach rabh ag teacht le sainleas na Rúise dar léithi féin.

Targowica - an focal nua Polainnise ar fheillbheart

Nuair a phléasc cogadh amach eadar an Rúis agus an Tuirc ins an bhliain 1788, ghlac na Polannaigh buntáiste air sin agus d'éirigh siad amach in éadan na Rúise. Ní rabh an t-ádh leofa ach tamall beag, áfach, agus b'é deireadh an scéil ná gur cloíodh an cheannairc, agus ansin, chaill an Pholainn cuid mhór dá críocha i gcríochdheighilt nua sa bhliain 1793. B'é Comhcheangal Targowica an gléas polaitiúil a bhí ag Caitríona leis an bhuille seo a chur i gcion: dornán de thiarnaí uaisle na Polainne a ghlac seasamh i bhfách leis an Rúis agus a chuaigh le chéile ina gcomhcheangal, agus iad ag iarraidh ar Chaitríona a theacht chun a dtarrthála agus "an dlí" a chur i bhfeidhm ar an tír in athuair. Chuirfeadh an cleas seo i gcuimhne ort an polasaí a bhíodh ag Stailín ins an fhichiú haois agus é ag cur smacht ar na "daonphoblachtaí" in Oirthear na hEorpa.

Éirí Amach Kosciuszko

Go gairid i ndiaidh don darna críochdheighilt a theacht i bhfeidhm d'éirigh na Polannaigh amach aríst agus Tadeusz Kosciuszko i gceannas orthu, ach ní rabh rath ar an cheannairc seo, ach oireadh leis an iarracht roimpise. Nuair a bhí an cluiche caillte ag Kosciuszko, d'éalaigh sé béal a chinn as a thír dhúchais, agus chuaigh an treas críochdheighilt ar an Pholainn. B'ansin a cuireadh an tír de dhroim an tsaoil go dtí go dtáinig sí ar an fhód aríst i ndiaidh an chéad chogadh domhanda.

Bás agus oidhríocht Chaitríona

Fuair Caitríona bás sa bhliain 1796. Siúd is nár chruthaigh sí leath comh liobrálach ná mar ba mhaith léithi a chur in iúl, is léir go dtearn sí a dicheall an tír a choinneáil bord ar bhord leis an aimsir agus an córas rialtais a chur in oiriúint do riachtanaisí an lae. Thug sí cuireadh d'fheirmeoirí Gearmánacha cur fúthu ins an Rúis le modhanna nua curadóireachta a mhúineadh do na scológa, ach is beag rath a bhí ar an scéim seo. Le linn Chaitríona a bheith ina banimpire a tháinig an práta chun úsáide ag muintir na Rúise fosta. Bhí sé sách fadálach ag dul chun leitheadúlachta, áfach. Mar a chonaic muid thuas i gcás na ceannairce atá ainmnithe as Pugaitseov, ní rabh Caitríona róchinnte fán dóigh cheart le ceist an tseirfeachais a fhuascailt ach an oiread. Níor thuig sé riamh go rabh na scológa ionraic fán dílseacht a bhí acu don Impireacht mar fhoras sóisialta, fiú nuair a bhí siad ag déanamh ródaigh ar na huaisle. Shíl na scológa go mba leofasan an talamh, agus go mba leis an Impire iad féin: is é an meas a bhí ag an scológ ar na tiarnaí talaimh nach rabh iontusan go bunúsach ach lonnaitheoirí agus mealltóirí a chuir iad féin eadar eisean agus an tImpire. Mar sin, má bhí sé i ndúchas na scolóige an tiarna talaimh a dhiúltú fá dhílseacht, níorbh ionann seo go fóill agus é a bheith ag diúltú don Impire. - Agus cibé fán spéis a chuireadh Caitríona i bhfealsúnacht na hEagnaíochta, nuair a tharraing na smaointíocha nua seo Réabhlóid na Fraince ina ndiaidh, baineadh stangadh as Caitríona, agus chrom sí ar ais ar an choimeádachas le linn í a bheith ag druidim le deireadh a saoil féin.

I ndiaidh bhás Chaitríona, tháinig a mac Pól (Paibheal) a hAon i gcomharbacht uirthi. Bhí Pól go tréan in aghaidh Réabhlóid na Fraince, agus é sásta conradh comhghuailiochta a shocrú leis an Tuirc - le bíobha bunaidh na Rúise féin! - chun cuidiú a fháil in éadan na Fraince agus a tionchair réabhlóidigh. Rinne an Rúis is an Tuirc an-chomhar ag cur ruaigeadh ar na Francaigh ó oirthear na Meánmhara. Roimh i bhfad, áfach, d'éirigh eadar an Rúis agus na tíortha eile a bhí ag iarraidh an réabhlóid a choinneáil taobh istigh den Fhrainc. Go háithrid, bhí na Sasanaigh an-teann as an smacht a bhí acu ar an fharraige, agus ní cheadóchaidíst d'aon stát eile a dhul in iomaíocht leofa. Bhí Pól géarbharúlach nach rabh cead ceart trádála ag na stáit eile fad is a choinneochadh na Sasanaigh súil ar achan long a mhusclóchadh a ndrochamhras. Bhí Pól comh haraiciseach is go dteachaidh sé chun cogaidh in aghaidh na Sasana fá dheoidh, agus d'ordaigh sé dá chuid Cosacach ionsaí a thabhairt fán India.

Níor thaitin an díth chéille seo le ginearáil na Rúise. Ba léir dófa nach rabh cabhlach na Rúise introda le loingeas cogaidh na Sasana. Leis an tír a shábháil ar ionradh na Sasanach, d'éirigh na ginearáil amach in éadan Phóil agus mharaigh siad é. B'é an mac ba sine aige, Alastair (Aileacsandar) a hAon a tháinig ina ionad ansin.

Alastair - an tImpire ab Fhearr acu go Léir?

B'é Alastair a hAon an chéad Sár sa naoú haois déag, nó chuaigh sé i gceannas ar an tír in Earrach na bliana 1801; agus dealraíonn sé go rabh sé ar an Impire ba chumasaí dár rialaigh an tír san aois sin. I dtús a réimis shocraigh sé síocháin le Sasain agus leis an Fhrainc, le súil is go gcoinneochadh sé an Rúis glan ar an chogadh eadar an bheirt eile. De réir is mar a bhí Napoleon ag éirí bagrach, áfach, fuair Alastair riachtanach a dhul i gcomhghuaillíocht le Sasain agus leis an Ostair in éadan na Fraince. Rinne na Francaigh ciolar cíot d'arm na hOstaire is na Rúise in Austerlitz (Slavkov i nPoblacht na Seice ins an lá atá inniu ann) sa bhliain 1805, agus nuair a madhmadh ar na Prúisigh dhá bhliain ina dhiaidh, fuair Napoleon geaftaí na Rúise foscailte roimhe. Bhí Alastair cinnte nach dtiocfadh leis an fód a sheasamh in éadan Napoleon, agus shocraigh sé síocháin leis an Fhrainc le hanáil a tharraingt agus scíste nó cairde a fháil roimh an chéad teagmháil eile. D'iarr Napoleon ar Alastair cogadh a chur ar an tSualainn nach rabh sásta páirt a ghlacadh in Imshuí na hIlchríche, is é sin, an scéim a bhí ag Napoleon ilchríoch na huile Eorpa a dhrud ar longa na Sasana. Rinne Alastair mar a hiarradh air - ar a laghad, d'ionsaigh sé an tSualainn agus ghabh sé an Fhionlainn ó na Sualannaigh ins an bhliain 1809, rud a dearbhaíodh i gconradh síochána Hamina/Fredrikshamn. Thairis sin, chuir Napoleon duine dá chuid marascal, Jean Baptiste Bernadotte, i gceannas ar an tSualainn. Ní rabh Bernadotte, - ar gaireadh Rí na Sualainne de faoin ainm Séarlas Eoin (Karl Johan) - comh mór sin istigh le Napoleon mar a shamhlófá le ginearál dá chuid. Nuair a tuigeadh do Bhernadotte agus d'Alastair araon nach rabh an t-imshuí ach ag dul chun dochair don dá thír, eadar an Rúis agus an tSualainn, chuaigh siad i gcomhghuaillíocht le chéile in aghaidh na Fraince. Ní thabharfadh Alastair an Fhionlainn ar ais don tSualainn, ach gheall sé do Bhernadotte go rabh cead aige an Ioruaidh a ghabháil ón Danmhairg in éiric na Fionlainne.

Cogadh Alastair agus Napoleon

Nuair a fuair Napoleon amach fán uisce faoi thalamh seo, chruinnigh sé le chéile na sluaite síoraí de shaighdiúirí as na tíortha uilig a bhí faoina smacht fán am seo - an Grande Armée, mar a tugadh ar an arm udaí. Thrasnaigh an Grande Armée teorainn na Rúise i ndeireadh Mhí an Mheithimh den bhliain 1812, ach má thrasnaigh féin, ní rabh moill ná cúl ar mhuintir na Rúise cur le chéile ar mhaithe leis an tSár, leis an tír agus leis an chreideamh, in aghaidh an "tíoránaigh aindiaga", mar ab fhacthas Napoleon dófa.

Napoleon i Moscó

I ndiaidh chath Bhoroidíonó i Mí Mheán Fómhair den bhliain chéadna d'éirigh le Napoleon Moscó a bhaint amach. Bhí an chuma ar an scéal go rabh na saighdiúirí á gcur thar a n-acmhainn aige, agus súil aige go dtiocfaidís trasna ar bhiadh is ar bheatha ins an chathair. Bhí na Rúisigh tar éis an áit a thréigbheáilt, a bheag nó a mhór, gan plaic bhídh a fhágáil ina ndiaidh. Le teann frustrachais, chuir Napoleon cuid den chathair le thine, ach má chuir féin, cha rabh gar ann: ní bhfaighfeadh sé aon tairiscint síochána ó Alastair cuma cá fhad eile a d'fhanfadh sé. Ins an deireadh thiar thall, cha rabh de roghain aige ach pilleadh 'na bhaile. Ansin, áfach, bhí geimhreadh míchliúiteach na Rúise ag teannadh ar a chuid saighdiúirí, agus chuir treallchogaíocht na Rúiseach go mór mór leis an éag a bhí ag siúl ar an Ghrande Armée. Nuair a d'fhág Napoleon an Rúis, ní rabh ach fear amháin fágtha aige as achan chúigear déag a bhí aige nuair a thoisigh sé ar an fheachtas.

Alastair ina Laoch - Fuascailteoir na hEorpa

Tháinig díormaí dochloíte Alastair sna sálaí ag Napoleon, áfach. Faoi cheannas an tSáir chruinnigh stáit na hEorpa le chéile in aghaidh na bhFrancach, go dtí go dteachaidh an dá arm chun teagmhála i gCath na Náisiún in aice le Leipzig i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1813. An bhliain a bhí chugainn, 1814, bhain Alastair amach príomhchathair na Fraince, áit a bhfuair sé fáilte an laoich ó mhaithe agus ó mhóruaisle na hEorpa.

An Dá Alastair

Tá cliú mhaith ar Alastair i gcónaí, go háithrid i bhfarradh is an cineál Impire a bhí ina athair. Dealraíonn sé, áfach, go rabh an dá Alastair ann, nó, i mbreis ar an oideachas shaorealaíonta a fuair sé, níor sparáladh diantréanas an tsaighdiúra air ach an oiread, nó bhí a athair géarbharúlach go gcaithfeadh an buachaill an taobh sin den tsaol a fheiceáil comh maith céadna. B'é ba toradh don déscarúint seo go rabh Alastair ag guagaíl eadar an dá thine Bhealtaine go lá a bháis.

I dtús a réimis chuir Alastair ar bun club comhráidh, "coiste na maitheasa poiblí", mar a bhaist sé air in aithris ar ainm an rialtais réabhlóidigh ins an Fhrainc. Ní rabh i gceist leis an choiste seo ach fir uaisle ag útamáil le smaointíocha radacacha nach rabh inchurtha i gcrích ins an Rúis ar aon nós ná slí. Nuair a d'éirigh ina chogadh dhearg eadar an Rúis agus an Fhrainc an chéad uair, scoir Alastair an coiste seo.

Cha rabh mórán ratha ar Mhíocháil Spéaranscaí ach an oiread. Bhí seisean ina Phríomh-Aire (nó ina Phríomh-Státrúnaí, de réir na téarmaíochta oifigiúla) ins na blianta 1807-12, agus é as pabhar díocasach ag féacháilt le córas rialtais na tíre a leasú is a chur in oiriúint don aois úr. Theastaigh uaidh dúmaí nó tionóil ionadaíochta a bhunú ar achan leibhéal i riarachán na tíre - ó dhúma an pharóiste go dúma na huile Rúise (sin le rádh, bhí sé meáite ar phairlimint cheart a chur ar bun ins an tír) - ach nuair a tháinig a chuid pleananna a fhad le seo, thoisigh Alastair a chur amhrais iontu: cha rabh sé ag dréim lena dhath dá chumhacht uathlathach a thabhairt uaidh (nó a "tharmligean", mar a deirtear i mbéarlagair an dlí), i ndiaidh an iomláin. Ins an bhliain 1812, chaill Spéaranscaí a phost, agus dibríodh go dtí an tSibéir é. Mar sin féin, cuireadh cineál dúma nó comhairle stáit ag obair de réir mar a bhí leagtha amach ag an phríomh-aire mhí-ádhúil. Ní pairlimint d'aon chineál a bhí ann, áfach, ach comhthionól comhairleach, agus an Sár féin ag ainmniú na gcomhaltaí. Seanghinearáil a bhíodh ar an chomhairle seo, an chuid ba mhó acu.

Nuair a bhí Napoleon cloíte, tháinig maithe is móruaisle na hEorpa le chéile i Vín le caoi cheart a chur ar chúrsaí na hilchríche aríst. Fágadh an Rúis i seilbh na Fionlainne, agus pronnadh an Ioruaidh ar an tSualainn ina héiric. D'éirigh ina achrann mhór eadar Alastair agus lucht rialtais na Prúise is na hOstaire fán Pholainn, nó bhí Alastair barúlach go mba chóir an Pholainn a athbhunú mar stát a bheadh neamhspleách go foirmiúil, ach é a bheith faoi aon choróin leis an Rúis. Ins an deireadh thiar thall, fuair Alastair an chuid lárnach den tír sin, limistéar ar tugadh "Polainn na Comhdhála" nó "Ríocht na Comhdhála" air, ós rud é go mb'í Comhdháil Vín a chruthaigh an stát seo. (Królestwo Kongresowe nó Kongresówka an leagan Polainnise.) D'fhág Alastair cineál féinrialtais ag na Polannaigh, ach má d'fhág, níor mhair sé ach tamall. Ins na blianta a bhí chugainn, d'iompaigh sé amach nach mó ná sásta a bhí na Polannaigh le pronntanas seo an tSáir, agus iad ag éirí amach ina éadan uair i ndiaidh uaire, go dtí go bhfacthas do na Rúisigh nach rabh de roghain acu ach an féinrialtas a chur ar ceal agus gnáthchúige a ghairstin den "ríocht".

Mar ba dual don Rúiseach, bhí féith an reiligiúin is na rúndiamhróireachta reiligiúnda in Alastair féin, agus mhol sé do na ríthe is na rialtóirí eile comhghuaillíocht a shocrú le chéile "leis an tsíocháin bhuan is an creideamh Críostaí a chosaint in éineacht". B'í seo an Chomhghuaillíocht Naofa, agus an chuid eile de lucht rialtais na hEorpa barúlach nach rabh ann ach seafóid. Mar sin féin, b'é ba toradh don chomhdháil is don chomhghuaillíocht gur thoisigh na polaiteoirí Eorpacha a ghlacadh na Rúise dáiríribh mar pháirtí comhoibrithe. Thar aon rud eile, bhí na ríthe is na polaiteoirí coimeádacha i dtíortha eile meáite ar iarsmaí na réabhlóide Francaí a choinneáil faoi smacht, lucht leanstana nó adhartha Napoleon thar aon dream eile. Bhí an Rúis araiciseach chun cuidiú leis an chuid eile acu ins an obair seo, rud a thabhaigh an-mhíchliú don tír i measc lucht an radacachais ar fud na hEorpa: bhaist siad "gendarme na hEorpa" ar an Rúis.

Tháinig Aileicséigh Araictséigheav i gcomharbacht ar Spéaranscaí. Ginearál a bhí in Araictséigheav, agus dearcadh dian míleata aige ar chúrsaí na tíre. D'fhág sé a shliocht ar an chuid deiridh de réimeas Alastair, ach ní rabh sé ábalta na leasuithe sóisialta a stopadh a rabh bun curtha leofa ag Spéaranscaí. Deirtear go seasann an dá thréimhse agus an dá chineál Príomh-Aire i réimeas Alastair don dhá chineál Alastair a bhí ann, an leasaitheoir forásach agus an saighdiúir dian dána.

Bás Alastair agus Éirí Amach Mhí na Nollag

Fuair Alastair bás sa bhliain 1825, agus praiseach déanta aige de chúrsaí na comharbachta. D'eitigh an duine ba sine dá chlann mhac, Constaintín, don choróin ó thús; mar sin, chan fhuair an Sár de bhealach éalóidh ach ordú rúnda a thabhairt uaidh ag gairstin rí-oidhre den mhac eile, Niocoláigh (Nioclás). Bhí an t-ordú seo ag teacht crosach ar an dlí a bhí achtaithe sa bhliain 1797 le achrann comharbachta a sheachaint, agus nuair a tháinig Nioclás i réim in áit Chonstaintín, shíl go leor daoiní gur forghabháil mhídhlíthiúil cumhachta, nó coup d'état, a bhí déanta ag Nioclás.

D'éirigh comhcheilg d'oifigigh óga radacacha amach in éadan Niocláis, agus iad ag baint a leasa as an chuma dhoiléir a bhí ar chúrsaí na comharbachta. Ós rud é gurb i Mí na Nollag den bhliain 1825 a rinne siad a gceannairc, baisteadh ainm na nDeacaibristithe, nó lucht Mhí na Nollag, orthu. (Dekabr' an focal Rúisise a chiallaíonns "Mí na Nollag", agus níl sé doiligh a aithne go bhfuarthas mar iasacht ón fhoinse Laidine chéadna é agus an focal Béarla udaí December.) Cha rabh aon rath ar an éirí amach seo, áfach. A mhalairt ar fad, nó thug sé siocair don tSár cúngrú uafásach a dhéanamh ar achan chineál freasúra. Scríobh an seanréabhlóideach agus an dírbheathaisnéisí Aileacsandar Hertzen, nach rabh ach ina bhrín óg fán am seo, - scríobh sé ina dhírbheathaisnéis ríspéisiúil Byloe i dumy ("Cuimhní cinn agus smaointíocha") go dtáinig athrú cuma ó bhonn ar an Impireacht le teacht Niocláis i seilbh na corónach. An té ar mian leis a ríomh cá ham a chuaigh an Rúis go deifnideach ar bhealach a míleasa, is dócha nach mbeidh sé mórán as cosán má chuireann sé an marc i Mí na Nollag den bhliain 1825. Tugaimis cluais éisteachta do Hertzen:

Maidin amháin sa gheimhreadh, go míthráthúil b'fhéidir, tháinig an Seanadóir ar cuairt chugainn. Bhí cuma bhuartha air, nuair a tháinig sé, bhí coiscéim ghéar ghasta faoi agus é ag tabhairt aghaidh ar staidéarlann m'athara. Sméid sé orm fanúint sa tseomra mhór agus dhruid sé an doras ina dhiaidh.

Cha rabh mé, áfach, i bhfad ag déanamh iontais de cibé rud a thit amach. Tháinig foscal beag ar dhoras an halla, agus fear a rabh gnúis dhearg air ag cur forrán orm de chogar íseal: b'é seo giolla an tSeanadóra, agus léim mé chuige ar an toirt.

- Nach gcuala tú an scéala? a d'fhiafraigh sé.

- Cén scéala?

- Fuair an tImpire bás i dTaganróg.

Bhain an nuaíocht seo cliseadh agus stangadh asam, nó go dtí seo níor taibhsíodh domh riamh go bhféadfadh an tImpire bás a fháil. Tógadh le hurraim mhór d'Alastair mé, agus tháinig cumhaidh orm anois i ndiaidh an lae a chonaic mé an uair dheireanach i Moscó é. Bhí muid ag déanamh spaisteoireachta, agus casadh ag Tvéarscaighea Zastava orainn é. Bhí sé ag taisteal i gcuideachta cupla ginearál, agus é ag pilleadh ó Chodaonca, áit a mbíodh na saighdiúirí á gcur ar inlíocht. Bhí gnúis fháiltiúil air, agus aghaidh bhog chruinn, ach bhí sé ag amharc cineál tuirseach nó buartha. Nuair a tháinig sé a fhad linn, d'airdigh mé mo hata dó; chuir sé sonrú ionam, agus é ag meangadh gáirí is ag beannú domh. Nach mór eadar é agus Nioclás, fear a chuirfeadh meidiúsa bearrtha le croiméal i gcuimhne ort! [...] Mura rabh i séimhe Alastair ach cur i gcéill - nach mb'fhearr an cur i gcéill féin ná an tíorántacht fhoscailte, mhínáireach?

Ar lean

1

Stair na Rúise do Lucht na Gaeilge

Panu Petteri Höglund a chuir ar fáil

An Cúigiú Cuid

Alastair agus Nioclás

Agus dáiríribh, ní hé seo an t-aon chuimhne amháin den chineál chéadna a d'fhág Alastair agus Nioclás ina ndiaidh i litríocht na Rúise. Deir Hertzen go mb'é Nioclás a thug isteach pionós an bháis i gcóras dlí na Rúise. B'fhéidir go bhfuil sé ag cur an iomarca i leith an Impire áithrid seo, ach is fiú marana a dhéanamh ar an líomhain seo mar sin féin, nó léiríonn sí an t-imprisiún a d'fhág Nioclás ar mhuintir na tíre. Is é an chiall a bhain Hertzen, dála an scéil, as an úrscéal clúiteach a scríobh Léarmontov, Laoch ár Linne, ná gur chuir an t-údar síos ar staid intinne na Rúiseach i ndiaidh éirí amach Mhí na Nollag agus an dóigh ar cloíodh na Deacaibristithe. Na daoiní a rabh comhábhair an laoich iontu, fágadh ar fán ins an tsaol iad, nuair a bhí an Rialtas ag fabhrú do lútálaithe lagmheasartha nach rabh smaointíocha forásacha ar bith acu. Is é Peitseoirín, laoch an úrscéil seo, samhail na ndaoiní udaí: fear nach bhfuil in ann ach a chuid ama a chur amú ag ragairneacht agus ag cearrbhachas, ó tháinig scrios agus scabadh ar lucht an radacachais leis an fheachtas a bhí eadar lámhaibh ag Nioclás le brathladh a chur ar an tsochaí ar fad.

Nioclás a hAon - an tImpire Míleata

Saighdiúir a bhí i Nioclás amach is amach. Ní bhfuair sé tabhairt suas an tSáir, ó bhí gach duine ag glacadh leis go rabh an cúram sin daite do Chonstaintín. B'é an míleatachas an t-aon taobh amháin a chonaic sé de réimeas Alastair. Dá réir sin, bhí sé ag iarraidh smacht míleata a choinneáil ar an stát. Ní rabh glacadh ar bith aige le monarcachas bunreachtúil: bhí sé den tuairim nach rabh ann ach an dá rogha, an phoblacht agus an t-uathlathas - an mhonarcacht absalóideach gan srianta dlí nó bunreachta le cumhacht an Impire - agus dá dteánfaí aon iarracht comhréitiú nó comhghéilleadh a lorg eadar an dá rogha seo, ní bheadh ann, dar leis, ach bréag agus cur i gcéill. Chaithfeá do rogha a bhaint as an bheirt, agus bhí a rogha féin bainte aigesean ó thús, ceart go leor. Thug sé isteach a lán míleatachais ins an tsaol shibhialta: chuir sé inneall nua ar an gendarmerie, ar na péas armtha, a bhí ag fiosrú coireanna polaitíochta, cosúil le réabhlóideachas.

Nioclás agus an Dlí

Ón taoibh eile de, phill Míocháíl Spéaranscaí ón tSibéir le seal maith oibre a dhéanamh i réimeas Niocláis ag códú is ag cur in eagar reachtaíocht na Rúise. Bhí claonadh áithrid chun dlíthiúlachais i Nioclás fosta, i ndiaidh an iomláin. D'fhéach sé le seandlíthe a choinneáil i réim is i bhfeidhm, ach aríst, bhí sé comh scanraithe sceimhlithe roimh achan chineál "réabhlóideachais" agus go rabh sé sách neamhshrianta ag déanamh géarleanúna ar an fhreasúra polaitíochta. Chuala an saol iomrá ar ghrúpa Pheatraiséavscaí: dornán de státseirbhísigh agus intleachtóirí óga a bhí ann a thigeadh le chéile ag caibidil cúrsaí reatha go neamhfhoirmiúil, go dtí gur beireadh orthu agus gur caitheadh i dtóin an phríosúi iad mar a bheadh coirpigh iontu. Is ar éigean más féidir a rádh gur "freasúra" nó "réabhlóideachas" a bhí i gceist ag an ghrúpa seo, ach rinne na péas an-chomhcheilg de ina gcuid tuairiscí. D'imir an Sár cleas cruálach magaidh ar an ghrúpa: ghearr sé pionós an bháis orthu, ach nuair a bhí ceangal na gcúig gcaol curtha ar chupla duine acu cheana féin lena gcur chun báis, h-insíodh dófa gur athraigh an Sár na pionóis bháis go téarmaí fada príosúntachta ar díbirt amuigh ins an tSibéir. Ghlac na cimí an pionós báis dáiríre píre, fad is nach gcuala siad an "pardún"; chuaigh duine acu as a mheabhair go doleigheasta, a deirtear. Bhí an scríbhneoir Dostaighéavscaí, nach rabh ann ach fear óg san am, i measc na gcimí, agus chuaigh an t-eachtra seo go buan i bhfeidhm air. Thrácht sé faoi dhó air ina chuid saothar.

Ceist an tSeirfeachais

Ní rabh Nioclás comh hamaideach is nach n-aithneochadh sé fadhbanna abhalmhóra na sochaí. D'aidmhigh sé go rabh, cuir i gcás, an seirfeachas ag luí go trom ar an náisiún. Mar sin féin, tuigeadh dó nach dtiocfadh na scológa a shaoradh ó bhráca ach athruithe doimhne a theacht ar an tír ar a lorg sin, athruithe nach mbeadh neart ag an Impire féin orthu a thuilleadh; agus bhí drogall agus doicheall ar Nioclás roimh na hathruithe sin.

Bhí na seirfigh ag éirí mífhoighdeach, áfach, agus iad ag dul chun ceannairce anseo is ansiúd ins na críocha cúil. Bhí na péas in ann na ceannaircí áitiúla a theorannú agus a choinneáil scartha ó chéile, ach ba chomhartha iad go rabh sé thar am an córas a athrú. Mar sin féin, níor chuir Nioclás an seirfeachas ar ceal. An rud a rinne sé, áfach, ná gur mhaolaigh sé ar chruachás scológa an stáit fríd thuilleadh tailte a roinnt orthu, i gcruth is go mbeidíst in ann an dá thrá a fhreastal, eadar a gcuid cánacha a íoc mar ba chóir agus an biadh a choinneáil lena gclanna. Go ginearálta, áfach, bhí cás na seirfeach ag dul chun donais, nó fuair na tiarnaí talaimh blas ar an airgead, agus theastaigh tuilleadh torthaí feirmeoireachta uathu lena ndíol sa mhargadh. De réir a chéile, áfach, tuigeadh dófa nach rabh mórán thar a n-acmhainn le baint as na scológa, agus iad fágtha comh fann folamh nach rabh siad go rómhaith ag obair. Mar a thig linn a léamh ar Cuimhní Cinn an tSealgaire le Tuirgéineav (tá fiú aistriúchán Gaeilge ann!), thoiligh an chuid ab fhorásaí de na tiarnaí talaimh le cáin airgid (obroc) óna gcuid seirfeach in áit an dualgais oibre i bpáirceanna an tiarna. Le bheith ábalta an cháin a dhíol, bhí cead ag na scológa ceird a fhoghlaim, agus go leor daoiní acu ag dul le saoirsineacht de chineál éigin, ar nós na cearpantóireachta, mar shampla.

Ní rabh an uasaicme ag déanamh go rómhaith ach oiread, áfach. Bhí cuid acu ag cur bail úr ar na tailte ag baint úsáide as leas málaí agus as gléasanna nua-fhaiseanta talmhaíochta eile, agus iad ag saothrú go maith. An chuid eile, áfach, bhí siad ag cloí leis an tseanghnáthamh, agus ós rud é go rabh an stát féin coimeádach, fiú ag tabhairt le fios gur suáilce ann féin a bhí sa choimeádachas, bhí gustal as an ghnáth de dhíobháil ar aon tiarna talaimh le dul le curadóireacht nua-aimseartha.

Tógáil na Tromthionsclaíochta

B'i réimeas Niocláis a cuireadh dlúthas le forbairt na tionsclaíochta ins an Rúis. An té a fuair a chéad léargas ar stair agus ar chultúr na Rúise ag léamh cuimhní cinn le hiar-chimí Sóivéadacha, thig iontas air ag cur sonrú ins na cosúlachtaí eadar an Aontas Sóivéadach agus an Rúis Impiriúil dó. Nó bhí córas rialtais an tSáir féin ag fabhrú don tionsclaíocht throm agus ag cur béime ar riachtanaisí míleata na harmála, - díreach mar a rinne an tAontas Sóivéadach. Thairis sin, bhí na poill mhianaigh á saothrú ag daoir - ag príosúnaigh agus ag seirfigh - in áit lucht oibre ar tuarastal. Ní doiligh a shílstint go rabh réamhtheachtaithe ag na cimí daorbhroide a dtug Soilzeiniotsaon agus Varlam Sealámov cur síos orthu ina gcuid scríbhinní.

Ag Dul leis an Eoraip - nó ag Cloí leis an tSeanFhód?

Siúd is go rabh greim teann ag lámh an Impire ar an tír, bhí an saol cultúrtha agus an saol intleachtúil ins an Rúis iontach saibhir, iontach suimiúil. Bhí smaointíocha nua-aoiseacha ag tonnadh isteach ón Iarthar in ainneoin na dianchinsireachta a chuir an stát ar na foilseacháin, agus lucht na salón liteartha á gcardáil go diograiseach díbhirceach. Ba mhinic nach rabh i gceist acu ach faisiún intleachtúil agus aithris bhacach ar an Iarthar, ach mar sin féin, bhí dreamanna ann fosta a rinne a gcuid féin de na hidéanna coimhthíocha. Go háithrid, b'iad na míle ocht gcéad daichidí tréimhse mhór na ndiospóireachtaí intleachtúla. B'ansin a tarraingíodh an teorainn eadar na hIartharaigh - na Zapaidnící - agus na Slavaifíligh. (Zapad an focal Rúisise ar Iarthar.)

Dream reiligiúnda náisiunaíoch a bhí ins na Slavaifíligh, agus iad ag frithghníomhú ar réasúnachas an Iarthair. Bhí siad barúlach go mb'ionann patrarcachas na sean-Rúise agus an cultúr Críostaí a bhí caite i dtraipisí ag muintir an Iarthair. Saol ceart comhdhaonnach a bhí ag na Rúisigh, dar leofa (sobornost' an focal Rúisise ar an chomhdhaonnachas seo), agus iad ag éileamh go dtabharfadh an Rúis droim láimhe le salachar agus seafóid na hEorpa. Bhí siad in éadan an dóigh a rabh an uasalaicme ag labhairt Fraincise agus ag meascadh focla coimhthíocha fríd a gcuid Rúisise.

Siúd is go rabh príomhluachanna na Slavaifíleach - eadar dhúchas na Rúise agus chreideamh Críostaí an Oirthir - á n-urramú i mbolscaireacht oifigiúil na hImpireachta, bhí cuid de na Slavaifíligh sáite in achrann leis an Stát. Nó bhí an Slavaifíleachas bunaithe ar chineál ainrialachas reiligiúnda, agus thug na Slavaifíligh tús áite don scológ (muzhik) gan scolaíocht, mar dhea-shampla i gcúrsaí an chreidimh is na moráltachta. Ó lig Peadar Mór tionchar an Iarthair isteach, ní rabh an rialtas inchomórtais leis an scológ seo a thuilleadh, a shíl siad - agus ar ndóighe, ní chuirfeadh an rialtas ná an tImpire suas leis an chineál seo fealsúnachta a bhí ag tabhairt le fios nach rabh cead ag an Impire a thír féin a rialú.

Fán am seo a tháinig an chéad bhorradh ar an litríocht fosta, nó b'ins na tríochaidí a scríobh nó a d'fhoilsigh file náisiúnta na Rúise, Púiscín, an chuid ba thábhachtaí dá shaothar. Tháinig Niocoláigh Gógoil go tiubh ina dhiaidh, agus é ag baint stangadh as an náisiún leis an úrscéal mhór udaí Anamacha na Marbh.

Maidir leis na gnoithí eachtracha, chuir Nioclás cogadh ar na Peirsigh agus ar na Tuircigh, agus é ag sealbhú tailte nua don Rúis sna Sléibhte Cugasacha (an tSeoirsia agus an Airméin), comh maith le lámh a chur i bpolaitíocht inmheánach na Tuirce. I ndiaidh na gcogaíocha seo, ins an bhliain 1830, phléasc trioblóidí réabhlóideacha amach anseo agus ansiúd ins an chuid Eorpach den tír, go háithrid ins an Pholainn. Ní rabh i gceist ansin ach ceannairc bheag i measc na n-ábhar oifigeach i scoil traenála an Airm, ach ós rud é go rabh na Polannaigh araiciseach chun éirí amach le dhul ar lorg saoirse dá dtír, chuaigh siad ina sluaite síoraí a chur cogaidh ar na Rúisigh. Fuair Nioclás é féin in abar ar fad ag iarraidh na saighdiúirí Polannacha a chloí. Nuair a cuireadh an t-éirí amach faoi chois, bhain Nioclás a bunreacht den tír cheannairceach, ach ó theastaigh uaidh urraim a thabhairt d'fhoirmiúlachtaí dlí, d'fhág sé féinrialtas de chineál éigin ag na Polannaigh, de réir an ghealltanais a thug Alastair ag comhdháil Vín.

Bhí na Fionlannaigh dílis do Nioclás, siúd is nár bhac sé le Dáil fhéinrialaitheach ár dtíre a chomhthionól, ach oiread le hAlastair. Mar sin, ghreamaigh míchliú áithrid dá ainm inár dtír-ne, gidh go rabh an Sár seo agus Fionlannaigh a chomhaimsire sách sásta lena chéile.

Ós duine coimeádach a bhí i Nioclás a hAon, go háithrid i gcomparáid leis na rialtóirí Eorpacha, theastaigh uaidh dhul chun comhoibre le fórsaí coimeádacha eile ar shéala síocháin a thíre is a rialtais féin a chinntiú is a dhíonadh roimh ré ar achan chineál ceannairce, cearmansaíochta nó radacachais. Sa bhliain 1833, shínigh Nioclás conradh le príomhchumhachtaí eile na hEorpa fá chomhoibriú míleata in éadan gluaiseachtaí radacacha agus ceannaircí réagúnda i measc mionlach náisiúnta. Tharraing an conradh seo fuath na gciorcal liobrálach agus radacach ar an Rúis, agus mhéadaigh ar an chúlchaint fá dtaobh den Rúis mar "phéas armtha na hEorpa". Bhí an gendarme sin an-ghnoitheach ag cloí na dtrioblóidí réabhlóideacha san Fhrainc agus sa Ghearmáin ins an bhliain 1848 - "Earrach na Náisiún" nó "bliain mire na hEorpa", bain do rogha astu - agus san Ungáir an bhliain dár gcionn.

Cogadh na Crimé agus bás Niocláis

Sna 1850idí, áfach, go gairid roimh bhás Niocláis, phléasc cogadh amach eadar an Bhreatain Mhór agus an Rúis fá dtaobh den Tuirc. Bhí ré na Tuirce reaite mar mhórchumhacht Eor-Áiseach, agus an Bhreatain Mhór is an Rúis ag santú na creiche a bheadh in iarsmaí na himpireachta seo ar ball. Dáiríribh, cogadh eadar an Rúis is an Tuirc a bhí ann ar tús (an gnáthrud, a déarfá), ach ansin, chuir na Sasanaigh a ladar ann. Laindeáil a gcuid trúpaí i Leathinis na Crimé i dtús an fhómhair sa bhliain 1855; sin é an fáth gurb as an leathinis sin a hainmníodh an cogadh féin.

Shíothlaigh Nioclás i Mí na Samhna den bhliain chéadna, agus ó chruthaigh an Rúis ní ba laige ó thaobh na n-armálacha de, b'éigean don tSár Alastair a Dó, a tháinig i réim ansin, deifre a dhéanamh ag éirí as an chogaíocht. Ghabh sé leor le comha síochána a bhí an-mhíbhuntáisteach don Rúis agus a thaispeáin don tsaol mhór nach rabh comhábhair na mórchumhachta ins an tír a thuilleadh. Bhí faillí déanta ag an Impireacht i bhforbairt an bhuneagair, nó an infreastruchtúir: ní rabh na bóithre iarainn sách iomadúil leis na saighdiúirí a thabhairt a fhad le páirc an áir in am.

Ins an Fhionlainn, dála an scéil, is gnách "Cogadh na nOileán Álannach" a thabhairt ar an chogadh áithrid seo. Na hOileáin Álannacha, nó Åland as Sualainnis, tá siad suite eadar an Fhionlainn agus an tSualainn, agus siúd is gur leis an Fhionlainn iad inniu, is í an tSualainnis teanga dhúchais na n-oileánach. Tá na hoileáin dímhíleataithe inniu, ach nuair a bhí na Rúisigh i seilbh ár dtíre, ba bhunáit thábhachtach do chabhlach cogaidh na Rúise iad, rud a d'fhág go leor focail Rúisise i ngnáthchaint Sualainnise na n-oileán. Nuair a bhí ina chogadh, rinne loingeas cogaidh na Breataine Móire ionsaí ar na hoileáin, nó mar a deir an seanamhrán Fionlainnise:

Is uafásach an cineál cogaidh a bhí ann, hurá,
agus trí chéad long de chuid Sheáin Bhuí ag cóstóireacht timpeall na Fionlainne, hurá!

B'fhéidir nach rabh "trí chéad long" ag "Seán Buí" chois chósta na Fionlainne i ndiaidh an iomláin, ach bhí an oiread sin cathanna mara timpeall ár dtíre agus go bhfuair an chosmhuintir riachtanach cuimhne an chogaidh a chur i míotar.

An Darna hAlastair

An fear a tháinig i gceannas ar an Rúis i ndiaidh Niocláis agus an cogadh seo á fhearadh, an tImpire Alastair a Dó, thabhaigh sé cliú an liobrálachais is na caoinfhuilsteanachta dó féin. Scéal eile, ar ndóighe, an rabh mórán de dhíth ar aon nós le sin, i bhfianaise comh dian is a bhí an t-uathlathas is an t-anlathas i mblianta Niocláis.

An Saoradh ó Bhráca faoi dheoidh!

Bhí Alastair meáite ar an chóras a leasú, go háithrid an seifeachas a chur ar ceal agus na seirfigh a shaoradh ó bhráca. Ó nach rabh an scéim seo ag taithneamh go rómhaith leis na huaisle - leis na tiarnaí talaimh - b'eigean don Impire a dhul i muinín na státseirbhíseach lena chumhacht a bhuannú agus a chuid leasuithe sóisialta a chur i gcrích. Mar sin, ní rabh an darna suí sa bhuaile ag mo dhuine ach treisiú leis an mhaorlathas.

Bhí srianta le leasuithe Alastair féin, ná creid a mhalairt. Ní rabh sé sásta oiread is cluais éisteachta a thabhairt dófa siúd a bhí ag áitiú air pairlimint nó tionól náisiúnta a chur ar bun don Rúis. Má bhí sé ag iarraidh saoirse a phronnadh ar na seirfigh, ní rabh mórán liobrálachais ná radacachais de dhíth lena aghaidh sin: tar éis an tsaoil, bhí an tír ar coipeadh le ceannaircí scológ agus trioblóidí tuaithe, agus fuascailt ag teastáil go dóite leis an tír a thabhairt chun síochána.

An dóigh ar cuireadh an seirfeachas ar ceal, níor leigheas sé fadhbanna na tuaithe ach ar éigean. B'éigean do na seirfigh a dhul a shaothrú a gcuid tailte le luach a bhfuascailte a íoc - ní saor in aisce a pronnadh orthu iad. Ba mhinic nach rabh siad in ann ach cuid a cheannach den talamh go léir a bhí siad a shaothrú roimh an fhuascailt. Ón taoibh eile de, ní rabh siad ceangailte den talamh a thuilleadh - mar sin, d'fhéadfaidís fód a ndúchais a fhágáil le gléas beo ní b'fhearr a bhaint amach sna cathracha. B'é ba toradh don leasú seo, i ndiaidh an iomláin, ná go rabh eadar scológ agus thiarna talaimh thíos leis.

Go nuige seo, choinníodh na seirfigh na maintithe móra ag imeacht agus iad faoi dhualgas a gcion féin a shaothrú i bpáirc an tiarna talaimh. Anois, áfach, chaithfeadh an tiarna talaimh páighe a íoc lena lucht oibre - chaithfeadh sé éirí as an fheodachas agus talmhaíocht chaipitlíoch a thabhairt isteach ina áit. Is é sin, chaithfeadh a chuid tailte a bheith ag táirgiú earraí indíolta le gléas beo a chinntiú dó féin agus páighe an lucht oibre a íoc. Ba mhinic nár éirigh a leithéid d'éacht leis na huaisle tuaithe, agus b'é deireadh an scéil gur cuireadh na tailte ar ceant leis na fiacha a ghlanadh. Ón taoibh eile de, nuair nach rabh na scológa in inmhe iomlán a gcuid tailte a cheannach, fuair siad iad féin in anás talaimh agus bídh. Chuaigh an t-ampla talaimh in olcas ar fud na Rúise, agus praghas an talaimh ag dul in airde dá réir.

B'ins an bhliain 1861 a cuireadh deireadh leis an tseirfeachas, ach tharraing an leasú seo tuilleadh ina dhiaidh. Tháinig athrú ar an rialtas áitiúil le bunú na dtionól áitiúil, nó na seimstveanna - tá gaol ag an fhocal seo, zemstvo, le zemlia, an focal Rúisise a chiallaíonns "talamh".

B'iad na huaisle a stiúraíodh na seimstveanna, ach mar sin féin, ba chéim chun tosaigh iad, no cibé locht a bhí orthu, chuidigh siad le meabhraíocht ínteacht polaitíochta agus fonn féinrialtais a chothú i measc na cosmhuintire féin. Mar sin, tháinig cúrsaí na sláinte, mar shampla, go mór ar aghaidh faoi stiúrú na seimstveanna.

Ins an am chéadna, ins an bhliain 1864, leasaíodh an córas dlí agus cirt fosta le hiarsmaí an fheodachais a throid. Go dtí seo, bhí na seirfigh fágtha faoi dhlínse a dtiarna talaimh, ach nuair a tháinig deireadh leis an tseirfeachas féin, ba mhithid an dlínse seo a bhaint den tiarna agus cumhacht neamhspleách bhreithiúnach a chur ar bun, mar ba dual d'aon stát faoi riail an dlí.

Deich mbliana ina dhiaidh sin, d'athchóirigh an Sár an t-arm in aithris ar an Phrúis. Cuireadh coinscríobh ceart in áit na seanphriosála, agus giorraíodh téarma na seirbhíse armtha go mór - ó bhreis is fiche bliain síos go sé bliana amháin. hAthraíodh na dlíthe cogaidh fosta, nó tháinig deireadh leis na pionóis bhrúidiúla chorpartha, le linn na síochána ar a laghad. Thairis sin, bunaíodh scoltacha míleata le scileanna proifisiúnta nó speisialta na n-oifigeach a fheabhsú, gan aon trácht ar léamh agus scríobh a bheith á mhúineadh do na saighdiúirí úrearcaithe ón tuaith - ba mhinic nach rabh ceá ná ciú acu.

Bhí an scolaíoch ar ceann de na clocha ba mhó ar phaidrín Alastair ar bhealtaí eile fosta. Mar sin, thug sé cead a gcinn do na hollscoltacha a gcuid cúrsaí a reachtáil go neamhspleách, comh maith le tacú leis na seimstveanna agus iad ag féacháilt le scoltacha bunteagaisc a thógáilt fán tuaith. Tháinig an-dlúthas le bunú na scoltach faoi cheannas Alastair. Nuair a bhí sé ina Impire, bhí litríocht na Rúisise ag dul chun cinn fosta, nó chuala an saol mór iomrá ar scríbhneoirí na linne.

Siúd is nach rabh Alastair claonta chun a thír a chur ar bhealach na todhchaí, fuair sé é féin in abar de réir a chéile, nó cha rabh sé ábalta ag seachthorthaí a chuid polasaithe. Sin é an phríomhdheacracht le stát uathlathais: nuair atá aon duine amháin i gceann na gcúrsaí, agus é ag cinneadh ar leasú a dhéanamh ar an tsochaí, ar ndóighe níl sé in ann a theacht roimh na seachthorthaí ná súil aige leofa; agus na daoiní féin, níl cead acu a gcuid mioncheartuithe féin a dhéanamh ar an leasú a bhrúigh an Sár anuas orthu, ná fiú a saol féin a chur in atheagar leis na hiarmhairtí gan choinne a sheasamh ní b'fhearr. Níl aon solúbthacht i gcóras an uathlathais Impiriúil. Mar sin, ba dual córais d'Alastair brachán a dhéanamh de na leasuithe, siúd is nach dtig mórán locht a fháil ar a dhea-thoil ná ar a ionraiceas.

Bhí fadhbanna ag Alastair leis an Pholainn, fosta. Tháinig le mo dhuine an chuid ba saibhre d'uasalaicme na tíre a chealgadh chun comhoibriú, ach má tháinig, bhí an chuid eile den náisiún comh reibiliúnta is a bhí riamh. Ins an bhliain 1863, d'éirigh na Polannaigh amach aríst mar ba ghnách, cloíodh iad mar ba ghnách, agus d'imigh ainm na Polainne féin de mhapaí oifigiúla na Rúise: is é an t-ainm a baisteadh ar an tír sin ná Privislinie, nó an cúige chois na habhainne udaí Wisla (Vistula as Béarla, Weichsel as Gearmáinis).

Fréamha an Radacachais ins an Rúis

An dóigh a dteachaidh d'Alastair fadhbanna na tuaithe a fhuascailt fríd na seirfigh a shaoradh ó bhráca, d'fhág sé go leor siocracha ag na radacaigh trioblóid a tharraingt i measc na cosmhuintire. B'iad na "raznoitsiontsaí", "lucht na n-ilaicmí", ba mhó a chuir suim ins an réabhlóideachas agus ins an radacachas. Thar aon rud eile, ba chlann do na heaglaisigh iad na fir óga seo. Tá cead pósta ag sagairt na hEaglaise Ceartchreidmhí, agus le cuid de na postanna eaglasta a bhaint amach, fiú, caithfidh siad a bheith pósta. Deirtear go bhfuair Impire ínteacht de chuid na Rúise foláireamh ó státaire Chaitliceach, gur botún a bhí ann cead a bpósta a fhágáilt ag na heaglaisigh, ó nach rabh aon áit cheart ar fáil dá gclann i sochaí le scoilteacha dosháraithe eadar na haicmí éagsúla - cosúil le sochaí na Rúise. B'fhéidir nach bhfuil ann ach scéilín magaidh den chineál apacrafúil, ach is léir go rabh sliocht na n-eaglaiseach go mór mór chun tosaigh i measc na radacach is na réabhlóidithe. I mbreis orthusan, lucht féinteagasctha a bhí i gcuid mhaith de na h-"ilaicmigh". Daoiní a bhí ann a tháinig as measc na scológ is na mbochtán agus iad ag súil le háit sheascair shócúlach ins an tsochaí, ó bhí siad i ndiaidh dintiúirí oiliúna agus oideachais a bhaint amach. Ós rud é go rabh na teorainneacha eadar na haicmí comh righin is a bhí, cha rabh an dul chun cinn sóisialta ar fáil do na daoiní seo, agus is léir gur éirigh siad míshásta.

Ins an am chéadna, bhí radacachas de chineál nua - radacachas éadóchasach, éadrócaireach - á fháscadh as na smaointíocha faisiúnta ag scríbhneoirí agus ag intleachtóirí óga ar nós Niocoláigh Tséarnaoiséavscaí. Scríobh Tséarnaoiséavscaí an t-úrscéal ab fhearr le Léinín - Chto delat'? nó "Cad é ba chóir a dhéanamh?" - agus é ag móradh na brúidiúlachta cruaidhe cranraithe a ba dual don fhíor-réabhlóidí, dar leis.

An Seisiú Cuid
1

Stair na Rúise
do lucht na Gaeilge
le Panu Petteri Höglund
Cuid a Sé

Na Naroidnicí

Maidir leis na scológa, is dócha go mb'iad na Naroidnící ba mhó a d'fhéach lena gcúis siúd a chur chun cinn ins an tsochaí. Gluaiseacht a bhí ins na Naroidnící - nó na Cosmhuintirigh, más fearr leat an focal Rúisise a aistriú go Gaeilge - a bhí ag iarraidh meabhraíocht pholaitiúil a chruthú is a chothú fán tuaith. Ós rud é gur fágadh go leor scológa in anás talaimh nuair a bhí an seirfeachas curtha ar ceal, bhí an-phoitéinseal réabhlóideach ins na hiar-sheirfigh, ach é a chanálú ar mhaithe leis an ghluaiseacht.

Bhí cuid de na Naroidnící sásta cloí le modhanna síochánta oibre, agus iad ag cur béime ar an scolaíocht agus ar an tsoilsitheoireacht, nó ba dóigh leofa gurb í "an stair féin a chuirfeas an réabhlóid i gcrích", comh túisce is a thiocfas an lá ceart; go dtí sin, dar leofa, ba chóir don ghluaiseacht - fiú más gluaiseacht réabhlóideach a bhí ann - na scológa a mhuscailt agus a chur ar a gcumas a réabhlóid féin a dhéanamh, ar acht go mba mhian leofa é. Bhí na Naroidnící inbharúla go mba chóir urraim agus ómós a thabhairt do na traidisiúin áitiúla agus do riachtanaisí na scológ féin, seachas an tsochaí a leasú ón uachtar anuas, beag beann ar an dóigh a rabh na scológa ag dearcadh ar a gcás féin. Na hiarrachtaí a bhí ar cois ag an Impire, ionraic is uile mar a bhí siad, ba mhinic nach dteachaidh siad chun mórán leasa don chosmhuintir i ndiaidh an iomláin, ó nach rabh na húdaráis sásta na pleananna a thabhairt i gcrann ná na leasuithe a chur i gcrích i gcomhar ná i gcomhthuigse leis an chosmhuintir féin.

An chuid eile de na Naroidnící, áfach, chuaigh siad le sceimhlitheoireacht, agus ó bhí na síochánaithe is na sceimhlitheoirí in aon eagraíocht le chéile, chuir an Stát cath ar an dá eite. Mhéadaigh sin go mór mór ar an radacachas, ar ndóighe. Siúd is gur thit gluaiseacht na Naroidnící as a chéile fá dheireadh ins an bhliain 1879, agus an dá eite ag bunú eagraíochtaí dá gcuid féin, d'fhág siad a sliocht ar pholaitíocht na Rúise a mhair beo breabhsánta bíogúil go lá na réabhlóide. B'iad na Réabhlóidithe Sóisialacha - an páirtí Sóisialach a bhí i muinín na tuaithe is na sluaite móra fá choinne tacaíochta - ba phríomhoidhrí polaitiúla do na Naroidnící.

Plean Lóiríos-Meileacov agus bás an Impire

B'iad na Naroidnící radacacha - lucht leanstana na heagraíochta udaí Narodnaya Volya, nó Toil an Phobail - a thug bás an tSáir Alastair. Is iomaí iarracht a rinne siad leis an Impire a mharú ón bhliain 1879 i leith, agus tháinig imní agus oibriú intinne ar an targaid féin de thoradh na n-iarrachtaí seo, ní nárbh ionadh. Mar fhreagra ar an fheachtas sceimhlitheoireachta, chuaigh an tImpire i dtuilleamaí an Ghinearáil Míocháil Lóiríos-Meileacov a rabh cliú na dúthrachta is na héifeachtúlachta air. Chuaigh Lóiríos-Meileacov i gceann na Roinne Gnoithí Inmheánacha, agus fágadh cumhachtaí an deachtóra aige.

Chuir Lóiríos-Meileacov i dtoll le chéile plean leasaithe na sochaí le préamhacha na sceimhlitheoireachta a stoitheadh. Fuair sé faomhadh an Impire, ach, ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh leis na sceimhlitheoirí an t-anam a shéideadh as Alastair le buama a phléasc siad i gCathair Pheadair sa bhliain 1881.

Shíl na sceimhlitheoirí go dtiocfadh an réabhlóid ar lorg dhúnmharú an tíoránaigh, ach cosúil le lucht Mhí na Nollag rompu, bhí fuar acu. Nó is é an rud a fuair siad ar son a bhfuadair ná tíoránach a bhí i bhfad Éireann ní ba mheasa.

Alastair a Trí: Ní feillbheart go bunreacht

B'é a mhac, an Tríú hAlastair, a tháinig i gcumhacht i ndiaidh a athara. Ní rabh puinn foighde aige le haon chineál liobrálachais nó radacachais, ná tuigse aige do leasuithe sóisialta a athara. Nuair a fuair Alastair a Dó bás, bhí an Ginearál Lóiríos-Meiliocov go díreach in éos plean úr a chumadh leis an chóras rialtais a leasú. Mhol sé, i measc rudaí eile, ná coistí comhairleacha a chur ar bun le cead cainte a fhágáilt ag an chosmhuintir in ullmhú na ndlíthe úra. Is maith an léiriú, áfach, ar mheon Alastair a Trí an breithiúnas a thug sé ar scéimeanna an Ghinearáil: is é a bhí eadar lámhaibh ag Lóiríos-Meiliocov, dar leis, ná céim fhealltach choiriúil á glacadh i dtreo an bhunreachta. Bunreacht, poblacht agus daonlathas - cha rabh iontu sin, dar le hAlastair a Trí, ach focail gháirsiúla nach mba chóir a labhairt ina fhianaise. B'ionann an bunreacht agus srianta dlí á gcur le cumhacht an Impire - ach ó shíl Alastair gurb ó láimh dheis Dé a fuair sé a chumhacht, bhí meas an diamhasla aige ar aon chosc a chuirfí leis an úsáid a bhainfeadh sé as tíolacthaí Dé.

B'ionann an t-uathlathas, faoi chomandracht Alastair a Trí, agus cead a gcinn á fhágáilt ag na póilíní agus ag an rúnseirbhís. Ná creid, áfach, go mbainfeadh an polasaí seo a dhath den lobhadh uilechoiteann ar fud na Rúise. Siúd is go rabh lear maith státseirbhísigh go hionraic ar fad ag iarraidh a ndualgaisí a chomhlíonadh go dúthrachtach dicheallach, ba mhinic ab ionann cead a gcinn agus cead a mbreabtha, sna cúlriasca ach go háithrid, áit a rabh "Dia i bhfad thuas agus an tImpire i bhfad i gcéin".

Mhéadaigh Alastair go mór millteach ar líon agus ar chumhachtaí na bpéas is na mbleachtairí rúnda. Bhí an tír ar coipeadh le spiadóirí ag iarraidh comhcheilgeanna radacacha a thabhairt chun tsolais, agus nuair a chuaigh díofa theacht ar aon chomhcheilg cheart, níor shíl siad a dhath de cheann a chumadh as a bhfantaisíocht féin. Na cumhachtaí speisialta a bhí ag na péas armtha faoin dlí cogaidh, bhítí an-mhíchúramach fána n-úsáid, rud a chuir rialtas an dlí is an chirt go mór mór i mbaol.

Ní féidir a rádh nach mbeadh tacaíocht na ndaoiní lena rabh eadar lámhaibh ag Alastair. Bhí cuid mhaith den chosmhuintir ar aon bharúil leis gurb ó Dhia a fuair an tImpire a chumhacht, cibé fán chos ar bolg a bhí na mionstátseirbhísigh áitiúla a imirt ar na daoiní: ní chuirfeadh an scológ féin a mhilleán sin ar "Dheaid" (batyushka), mar a bheireadh uasal agus íseal na Rúise ar an tSár.

Lena cheart a thabhairt don Treas Alastair, fear stuama a bhí ann i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh nach gcuirfeadh acmhainní na tíre amú ag fearadh cogaíocha in aisce. Siúd is nach rabh claonadh i mo dhuine chun leasuithe liobrálacha polaitiúla, chuir sé an-suim i gcúrsaí na heacnamaíochta agus na tionsclaíochta. Bhí polasaithe forbartha tionsclaíochta aige agus iad cineál cosúil lena bhfuil ar cois ins an Rúis inniu, nó rinne sé a dhicheall airgead, infheistíochtaí agus infheisteoirí a mhealladh isteach ón choigríoch. Chuidigh an Cúnta Seirgéidh Witte - fear uasal de phór Ghearmánach a bhí ina Aire Airgeadais ag an Impire - leis go mór mór san obair seo. Faoi chúram Witte, bhí geilleagar na tíre ag borradh go sciobtha sa deich mblian deireanacha den naoú haois déag, agus fir ghnoithe na Rúise ag glacadh páirte i bhforbairt na tionsclaíochta comh maith leis na hinfheisteoirí coimhthíocha. Bhí an Rúis ag ceangal nasc leis an tsaol ina timpeall ar go leor bealtaí.

Ní rabh mórán tionchair ag an "chomhdhlúthú eacnamaíoch" seo ar shaol na cosmhuintire, áfach. Bhí na daoiní bochta ag dul i líonmhaireacht fán tuaith; siúd is go dtug cuid mhaith de dhaoiní óga na tuaithe aghaidh ar mhonarcáin na cathrach, d'fhan saol na scológ, den chuid ba mhó, mar a bhíodh sé riamh roimhe sin, beag beann ar shaol na n-uasal is na n-intleachtóirí ins na cathracha. Ní rabh mórán suime ag na scológa i ndul chun cinn na heacnamaíochta ná na teicneolaíochta. B'é an talamh an chloch ba mhó ar a bpaidrín. Tuilleadh talaimh a bhí de dhíobháil ar an scológ, i gcruth is go gcothóchadh sé é féin is a mhuintir. Ós rud é nach rabh glainíneacht ná sláinteachas ar eolas ag na scológa, bhí na hulpóga is na galair ag siúl orthu, agus i bhfianaise chomh gann is a bhí an biadh, cha rabh mórán imdhíonachta iontu ar na tolgáin, ach an oiread. Más ag fás féin a bhí an daonra, bhí an saol go dona i gcónaí, agus an mhortlaíocht ard.

Bhí seansanna áithride ins an Impireacht do dhuine ghustalach dul chun cinn a dhéanamh, áfach. Siúd is go rabh cara sa chúirt de dhíobháil ar an státseirbhíseach a bhí ag iarraidh post ní b'fhearr a bhaint amach, is iomaí duine ar bheagán fáltais nó de phór íseal ar éirigh éacht leis i saol an ghnoithe nó sa léann is san eolaíocht.

In ainneoin na ndea-chomharthaí seo - nó b'fhéidir dá dtoradh? - bhí míshástacht á fairsingiú ar fud na tíre. Ní rabh na scológa féin sásta lena seanchuid a thuilleadh, agus iad ag dul chun cearmansaíochta ar na tiarnaí talaimh anseo agus ansiúd. Bhí ceannaircí ann agus na scológa ag ionsaí maintithe na dtiarnaí talaimh, á gcur le thine nó ag déanamh loitiméireacht ar an troscán istigh. Chuir a leithéid d'ainghníomhartha eagla mhór ar na huaisle, agus iad ag éileamh ar an Stát smacht a choinneáil ar an daoscarshlua le lámh láidir.

Cuid de na huaisle féin, bhí siad thíos leis an aois nua. Ó nach rabh siad in ann, cuir i gcás, modhanna torthúla oibre a chur in úsáid ar a gcuid tailte ná déanamh as dófa féin ar aon dóigh eile, shíl siad go rabhthas ag imirt éagóra orthu, ó bhí an bochtanas ag bagairt orthu - agus iad ina ndaoiní uaisle! Bhí siad barúlach go rabh gléas a mbeatha dlite dófa ón tsaol mhór, agus iad ar lorg a gcirt (mar a tuigeadh dófa féin) ón Stát. Nuair a dhiúltaigh an Cúnta Witte fána n-achainí iad, chuaigh siad le hantoisceachas na heite deise, agus iad ag fógairt go hard na spéire go rabh na faisiúin nua ag déanamh cabhóg na hImpireachta.

Siúd is go rabh an lucht oibre ag faibhriú mar aicme ar leith ins an tsochaí cheana féin, cha rabh scoilt ná teora shoiléir ag dealú lucht oibre an mhonarcáin ó scológa na tuaithe go fóill. Ní chaitheadh an gnáthfhear oibre ach seal ins an mhonarcán, nó is ar éigean a bhacfadh sé leis an chineál sin oibre, ach go bé go rabh sé ar a theitheadh ó na trioblóidí sealadacha thiar ins an tsráidbhaile - drochbhliain churadóireachta, triomach nó mífhortún eile den chineál sin. A thúisce is a thiocfadh bláth is bisiú ar an ghléas bheo fán tuaith, áfach, ba ghnách leis an lucht oibre éirí as obair an mhonarcáin aríst. Ar ndóighe, ní rabh na toscaí seo ag fabhrú don cheardchumannachas ná do throid an lucht oibre ar mhaithe le feabhas a gcáis; mar sin, sparáladh na trioblóidí oibreachais ar lucht an rachmais. Ach, ins an am chéadna, chuir sé isteach go mór mór ar úinéir an mhonarcáin nach bhféadfadh sé a chuid táirgíochta a phleanáil roimh ré ná a chuid déantúsán a reic ná a dhíol leis na custamóirí ach iad a bheith ar stóras cheana. Ní fhéadfadh sé réamhíocaíocht a ghlacadh ar son na dtáirgí nach rabh aige go fóill, nó ní fhéadfadh sé a bheith ina mhuinín go mbeadh a sháith lucht oibre aige leis na tráchtearraí sin a tháirgiú do lucht a gceannaithe.

Agus, ar ndóighe, sula rabh aon lucht oibre ann a mb'fhiú a n-ainm iad, tháinig an Sóisialachas isteach cheana féin. Bhí na Sóisialaigh Réabhlóideacha ar an chéad mhórghluaiseacht Shóisialach, agus iad ag iarraidh na scológa a ghríosú chun réabhlóide. B'as na scológa céadna - as prólatáirigh na tuaithe - ba mhó a bhí muinín acu leis an réabhlóid a chur i gcrích, ós rud é nach gcreidfidíst go mbeadh an beagán lucht oibre ins na monarcáin in ann mórán a athrú i sochaí na tíre. Fán tuaith a bhí na sluaite síoraí.

Ba oidhrí do na Naroidnící iad na Sóisialaigh Réabhlóideacha, eadar smaointeachas agus mhodhanna oibre. Is é an cuspóir a bhí acu ná Rúis Shóisialach a chur ar bun, tír de chineál nua nach mbeadh i gcall caipitleachais, buíochas leis an tsóisialachas instinneach a bhí i ndúchas na scológ, dar leofa. Nuair a thug Seosamh Mac Grianna Cumannach air féin, agus é ag rádh go rabh an Cumannachas i ndúchas mhuintir na Gaeltachta, bhí dul amú air: b'fhearr dó a rádh gur Sóisialach Réabhlóideach a bhí ann.

Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an Marxachas ceartchreidmheach i gcoimhlint le Sóisialachas dúchasach, Rúiseach na n-iar-Naroidnící. Ins an bhliain 1903, gan ach cúig bliana i ndiaidh bhunú Pháirtí Daonsóisialach na Rúise, scoilt an páirtí, nuair a scar na Meinséivigh agus na Boilséivigh le chéile. B'iad na Meinséivigh an chuid de na Daonsóisialaigh a bhí den tuairim go mba chóir don pháirtí a mhuinín a chur ins na slóite síoraí. Na Boilséivigh, áfach, bhí siad inbharúla go gcaithfeadh an páirtí a bheith ina "mheitheal tosaigh", ina fheadhain dhruidte nach bhfáilteochadh ach an rogha isteach, agus na slóite á dtreorú ag feidhmeannaigh an Pháirtí a bheadh ardeolach ar theoiricí agus ar phrionsabail an Mharxachais.

Fuair na gluaiseachtaí antoisceacha, réabhlóideacha tacaíocht fhorleathan ón lucht oibre, gan aon trácht a dhéanamh ar na mionlaigh náisiúnta, a rabh, ar ndóighe, an náisiúnachas ag borradh ina measc, i ndiúnas ar phóilíní an tSáir. Chruinnigh lucht leanstana timpeall ar gach cineál antoisceachais, ós rud é nach rabh an liobrálachas measartha ag obair go fónta. Ar ndóighe, bhí uaisle soilsithe trócaireacha ag iarraidh scolaíocht agus oideachas a chur chun cinn i measc mhuintir na tuaithe agus ospidéil is otharlanna a thógáil is a reachtáil. Ba mhinic, áfach, nach rabh na fothruithe seo ach ag déanamh na hoibre ba chóir don Stát a dhéanamh. An neamhshuim a rinne an Stát de leas na cosmhuintire, b'ábhar éadóchais do na liobrálaigh mheasartha féin í.

Ní rabh an chumhacht anlathach in inmhe freasúra measartha a aithne thar na sceimhlitheoirí is na réabhlóidigh cibé scéal é, áfach. A mhalairt ar fad. Is iomaí giolla oibre de chuid an tSáir a bhí géarbharúlach go mba chóir cath a chur ar na liobrálaigh is ar na hiar-naroidnící thar aon dream eile, ó ba rud é go mb'iad na dreamanna seo an chontúirt ba mhó, agus an seort cuspóirí praiticiúla, intuigthe, measartha, pragmatúla, inbhainte amach, a bhí acu. Na grúpaí ba mhó antoisceachais, áfach, ar nós na mBoilséiveach, cha rabh siad ach ag díospóireacht agus ag geamhthroid le chéile fána gcuid teoiricí nach rabh baint dá laghad acu leis an réaltacht. Bhail, sin é an breithiúnas na péas ar an scéal. Mar sin, níor bhac siad le mórán géarleanúna a dhéanamh ar radacaigh na heite clí, fad is a bhí na liobrálaigh ann.

Maidir leis an mhíshuaimhneas a bhí ag leitheadú i measc na mionlach náisiúnta le teacht an scarúnachais is an náisiúnachais, ba seanscéal é cheana féin go n-éireochadh na Polannaigh amach in éadan an tSáir gach uair dá bhfaighfidíst an t-áiméar. Thairis sin, áfach, ní rabh na Fionlannaigh féin comh dílis don Impireacht agus a bhídíst, tráth den tsaol. Nó nuair a rith leis an tSár an frithghníomhach seoibhineach Míocháíl Boibriocov a chur i mbun na Fionlainne mar Ghobharnóir Ginearálta, thart fá chasadh an chéid, chrom fear nua an Impire seo ar shainstádas na Fionlainne mar Ard-Diúcacht ar leith a chur ar ceal. Theastaigh uaidh dlúthchuid den Impireacht a dhéanamh den tír. Cuireadh an Rúisis in áit na Sualainnise agus na Fionlainnise mar theanga oifigiúil ins an státseirbhís, agus cuireadh cosc le cuid mhaith nuachtán a bhíodh ag fáil loicht ar pholasaithe oifigiúla na hImpireachta. B'é ba toradh dó seo ná go dtáinig deireadh leis an tseanmhuinín a bhíodh ag na Fionlannaigh as a nImpire go nuige sin, agus iad ag toiseacht is ag cur spéise i gcomhoibriú agus i gcomh-uisce faoi thalamh le réabhlóidithe rúnda na Rúise.

Cé a bhí ina Impire ins an am seo? Níorbh é Alastair a Trí é a thuilleadh, nó tháinig an bás á thabhairt leis ins an bhliain 1894. An fear a tháinig i gcomharbacht air, b'é a mhac óg é - Niocoláigh, is é sin, Nioclás a Dó, Sár deireanach na Rúise. Siúd is go dtearn staraíocht na gCumannach a dicheall le cliú an fhir seo a mhilleadh, ní féidir a rádh nach mbeadh cuid mhór de na saineolaithe taobh amuigh den Rúis Shóivéadach féin barúlach nach rabh Nioclás bocht go rómhaith in ann ag a chuid cúraimí. Nuair a bhí an tír ag déanamh a rúchlaidh isteach ins an nua-aois, bhí an náisiún go léir i gcall ceann feadhna a bheadh ábalta ar chiall a bhaint as smaointeachas na comhaimsire agus a chuid féin a dhéanamh de na hidéanna ab fhearr dá rabh ag an fhreasúra féin. Ní rabh cuma an athnuaiteora ná an nuálaí ar Nioclás óg, áfach. Bhí dearcadh frithghníomhach, anlathach aige, agus chreid sé go dian daingean go mb'é Dia a chuir i mbun na gcúrsaí é ar tús. Ghlac sé leis, fosta, go rabh an chosmhuintir ar aon fhocal leis. Ní rabh ins an fhreasúra, dar leis, ach drong de Ghiúdaigh nó d'intleachtóirí místiúrtha faoi thionchar gach cineál miodamas smaointeachais ón Iarthar - leathstrainséirí, mar sin, nach rabh ciall cheart acu d'anam rúndiamhrach na Rúise. Ní bhuairfeadh a Mhórgacht a chloigeann uasal le seafóid an dreama sin.

Bhí an tImpire pósta ar mhnaoi de phór na Gearmáine a rabh lúb ghaoil aici le cúirt na Banríona Vioctóiria comh maith. Siúd is gur coimhthíoch a bhí inti ar tús, chuaigh an banphrionsa Aileacsándra go hiomlán le cultúr na Rúise, mar a thuig sí féin é. Is é sin, bhí sí go mór mór i bhfách leis an uathlathas neamhshrianta, ach, thairis sin, bhí féith na pisreogachta inti. Chuir sí suim ins gach cineál asarlaíochta, agus mar sin, fuair gach seort doilfeoirí, draíodóirí, réadóirí agus rúndiamhróirí tionchar nach beag ar chúrsaí na cúirte is na Rúise féin.

Bhí an Rúis ag teacht i seilbh ghabháltais i ndiaidh gabháltais ins na críocha thoir leis na cianta cairbreacha anuas, agus lean Nioclás leis ag iarraidh cumhacht na Rúise a shíneadh amach ins an tSín, go háithrid ins an Mhancúir, an cúige in ascaill na Rúise eadar an Chóiré, an Mhongóil agus an tSín. B'as an tír seo a tháinig sinsir an rítheaghlaigh dheireanaigh a bhí ag rialú in Beijing, ach fán am seo, bhí na Mancúirigh go léir in éis a dhul le cultúr na Síne, an teanga ins an áireamh. (An dornán de Mhancúirigh a mhaireanns inniu ag labhairt a seanteanga ins an tSín, níl cónaí orthu in aon ghaobhair do thír dhúchais a sinsear. Is sliocht sleachta iad don choilíneacht a bhunaigh an chéad Impire de phór na Mancúire in aice le teorainn a ríochta, le súil a choinneáil ar na naimhde. Xibe a bheirthear ar an náisiúntacht seo ins an tSín inniu.) Mar sin féin, dealraíonn sé go rabh sé de rún ag na Rúisigh, comh maith leis na Seapánaigh, an Mhancúir a fhorghabháil agus a choilíniú ar an tsiocair nach mba leis an tSín í ó thús.

Cogadh na Rúise is na Seapáine

Nuair a shealbhaigh saighdiúirí na Rúise Port Artúir, cuanchathair in aice leis an Chóiré, ins an bhliain 1898, chuir siad an-mhíshástacht ar na Seapánaigh, a bhí buartha go rabh siad lena dtionchar ar an Chóiré a chailleadh. Ní rabh aon mhoill orthu téisclim a dhéanamh chun cogaidh; agus i Mí Fheabhra den bhliain 1904, d'ionsaigh siad Port Artúir le garastún na Rúiseach a ruaigeadh as an áit. D'éirigh leofa an chuid is mó de loingeas cogaidh na Rúise a scrios, agus bhí na Rúisigh sách mall ag tabhairt freagra. Ní rabh an t-ádh orthu ina dhiaidh sin, ach an oiread. Thuirsigh maidhm i ndiaidh maidhme iad, agus nuair a tháinig cabhlach cogaidh na Bailte ó Chathair Naomh Peadair thart ar an Afraic go dtí an Cian-Oirthear le fortacht a thabhairt do na díormaí Rúiseacha ansin, d'ullmhaigh an t-aimiréal Seapánach Heihachiro Togo luíochán roimh na Rúisigh. Nuair a nocht na longa Seapánacha óna bhfolacháin, fágadh an cabhlach Rúiseach i ngaiste, agus chuaigh an chuid ba mhó acu i dtóin an phoill i gCaolas Tsuisíoma eadar an Chóiré agus an tSeapáin i lár Mhí Bhealtaine den bhliain 1905. Ní tháinig ach sé long chogaidh slán as an teagmháil, agus acu sin féin, b'éigean do thrí long sábháilteacht a lorg i gcuan cogaidh na Meiriceánach i Manila. Ó bhí na Meiriceánaigh neodrach ins an chogadh seo, rinne siad na longa agus a gcuid criú a imtheorannú ins an chuan - is é sin, choinnigh siad istigh ansin iad go dtí go rabh an cogadh thart.

B'iad na Seapánaigh a ghnóthaigh an cath agus an cogadh, mar sin. Siúd is gur láimhsigh an tAimiréal Togo an cath go snoite, b'é ba phríomhchúis leis an rath ná go rabh na Seapánaigh i bhfad chun tosaigh ar na Rúisigh i gcúrsaí teicneolaíochta, a fhad is a bhí na longa cogaidh i gceist. Bhí a gcuid long ní ba luaithe, agus a gcuid gunnaí ní b'fhearr, comh maith.

Bhí cosmhuintir na Rúise den bharúil go mb'iad na huaisle is na hoifigigh ba chiontaí leis an dóigh ar briseadh an cath ar a dtír. Mar sin, d'éirigh ina cheannairc ar fud na Rúise.

Réamhchleachtadh na Réabhlóide

Is gnách inniu "réamhchleachtadh na réabhlóide" a thabhairt ar imeachtaí na bliana 1905. Thoisigh na trioblóidí i bhfad roimh dhíomuaidh dheifnideach Tsuisíoma, comh fada siar le Mí Eanáir den bhliain chéadna. Ar an naoú lá den mhí, cóiríodh mórshiúl os coinne an Pháláis Gheimhridh i gCathair Naomh Peadair le héilimh an lucht oibre a chur in iúl do Nioclás. Léirsiú dílseachtúil dlitheanach a bhí i gceist, gan bhlas ar bith den réabhlóideachas. B'é an t-eaglaiseach Ortadocsach, Gríogóirí (nó Geóirgí, de réir foinsí eile) Gapón a bhí i gceannas ar na léirsitheoirí. Fear a bhí ann nach rabh ródhoirte do réabhlóidithe na heite clí ar aon nós, ná iadsan dó féin. Nó chreid sé go hionraic, go sóntach fiú, go rabh an tImpire toilteanach cluais uasal éisteachta a chromadh ar an chosmhuintir ach deis a bheith acusan a gcás a mhíniú dá Mhórgacht, beag beann ar na hairí, na státseirbhísigh agus na comhairleoirí cranraithe croíchruaite eadar é agus iadsan. An cineál "ceardchumann" a bhí bunaithe ag Gapón, bhí diansúil ag rúnseirbhís an tSáir air, agus a chaoinchead sin acu ó Ghapón faoi chroí mhór mhaith - theastaigh uaidh a thaispeáint nach rabh a dhath le ceilt ag lucht an chumainn. Ní rabh d'airm ag na léirsitheoirí ach dealbha naofa agus pioctúirí den tSár féin. "An balla atá eadar tusa agus do chuid géillsineach, a Dheaidí, bris síos é", a d'iarr Gapón ar an Impire.

Cha rabh an tImpire ar fáil leis an achainí a chluinstint. A mhalairt ar fad. A thúisce is a chuala sé an chéad iomrá ar an mhórshiúl agóide a bhí ar na bacáin ag Gapón, d'éalaigh sé ón Phálás Geimhridh, gan ach na saighdiúirí a fhágáil ina ndiaidh lena bhfáilte féin a fhearadh roimh na léirsitheoirí, rud a rinne siad lena gcuid raidhfilí. Nuair a b'fhacthas dófa go rabh cuma bhagarthach ag teacht ar na léirsitheoirí, thoisigh siad a scaoileadh urchair leofa le scabadh a chur iontu.

Doirteadh uafásach fola a bhí ann. Fágadh na céadta sínte marbh ar fud na háite, báite ina gcuid fola, eadar fhir, mhná agus pháistí. Fáisceadh an t-anam as cuid mhaith eile ins an tranglam. An sagart dílis a chuir tús leis an léirsiú, Gapón, d'éirigh leis a theacht slán as an chosair easair seo, ach ní rabh aon mhuinín aige as an tSár a thuilleadh. "An fhuil a dhoirt tú, a mhurdaróir, bí cinnte go mbáfaidh sí thú i ndeireadh na dála!" - sin í an teachtaireacht a bhí ag an ghéillsineach dhílis seo don Impire anois.

Cha rabh na daoiní comhaimseartha i dtaithí an chineál seo brúidiúlachta, nó cha rabh ionsaithe gáis an Chéad Chogadh Domhanda, sluachampaí géibhinn Stailín agus Hitler, seomraí gáis na Naitsithe ná na mionchogaíocha i ndiaidh an Darna Cogadh Domhanda feicthe acu go fóill. Bhain na himeachtaí seo stangadh as na Rúisigh ar fad, gan trácht ar mhuintir na dtíortha coimhthíocha, agus thoisigh síocháin phoiblí na tíre a thitim as a chéile. Phléasc scliúchais agus círéibeacha amach anseo agus ansiúd, agus an lucht oibre ag dul ar stailc in áiteanna. Le teacht an Earraigh, chonaic an tImpire a údarás féin ag leá ar aon luas le sneachta an gheimhridh.

Ba dual don Impire anois a dhul i muinín an tseanleigheasra ghinearálta - na saighdiúirí. B'é oighear an scéil, áfach, go rabh mórchuid na saighdiúirí i bhfad i gcéin - ag cur cogaidh ar na Seapánaigh! Mar sin, ní rabh an lámh láidir ar fáil don Impire le himirt ar an chosmhuintir.

Cha rabh aon chúl ar na scológa bochta sásamh a gcruacháis a bhaint as na tiarnaí talaimh. Chuaigh baiclí de scológa a chreachadh tithe móra maisithe na n-uasal, d'fhoscail siad doirse na stóras, agus roinn siad eatarthu féin an t-arbhar a fuair siad ansin.
Ar aghaidh
1

Stair na Rúise do Lucht na Gaeilge
le Panu Höglund
Cuid a Seacht

Ins an am chéadna, bhí oifigigh ag iarraidh a gcuid saighdiúirí a spreagadh chun catha le buillí den chlaíomh, nó bhí an cogadh ag cliseadh ar na Rúisigh agus na hoifigigh ag dul in éadóchas. Bhris ar an fhoighid ag na gnáthcheithearnaigh fá dheoidh, agus thoisigh siad a chur ar a son féin in éadan na n-oifigeach. Bhí an t-ádh dearg ar an tSár nach rabh i gceist ach ceannaircí áitiúla, agus go dtáinig deireadh leis an chogadh sula rabh d'uain acu theacht le chéile.

Cha rabh de roghain ag an tSár ach a dhul i muinín Sheirgéidh Witte, iar-Aire Airgeadais a rinne gal is gaisce ag cur caoi ar chúrsaí geilleagair na tíre roimhe seo. Bhí roinnt blianta caite i leataoibh ag Witte fán am seo, nó bhí sé ró-neamhspleách ar an Impire, agus ba dual dó a bharúil a labhairt amach go neamhbhalbh, rud nár thaitin leis an anlaith nach rabh súil aige ach le lútáil is le lústar, le plámás agus le slusaíocht. Mar sin, b'fhearr leis an Impire fabhrú d'Aire na nGnoithí Inmheánacha, Viaitséaslav von Plehwe, a bhíodh ag moladh na láimhe láidre mar leigheas ar achan ghalar a d'fhéadfadh an tsochaí a bhualadh. Bhí von Plehwe ar shlí na fírinne anois, áfach. Dúnmharaíodh é, agus ba mhaith an airí air é, dar lena lán.

D'iarr an tImpire ar Witte anois go gcuirfeadh sé síocháin agus sonas ar bun ins an tír aríst, a fhad is a thiocfadh leis. Ó tharla gur fear beartach éirimiúil a bhí ann, chrom sé, mar Witte, ar an obair ar áit na mbonn. Thar aon rud eile, chuaigh sé go Portsmouth ins na Stáit Aontaithe leis an tsíocháin a shocrú leis na Seapánaigh. B'é Theodore Roosevelt, Uachtarán na Stát Aontaithe, a bhí ina eadarghabhálaí eadar an dá namhaid, agus b'eisean a thairg an áit seo dófa fá choinne na gcomhchainteanna.

An chomha a chuir na Seapánaigh os coinne Witte, bhí sí as compás ar fad. Bhí siad ag éileamh thailte Cian-Oirthearacha na Rúise ar fad in éiric an chogaidh, gan aon trácht a dhéanamh ar an airgead a bhí ag teastáil uathu. D'fhan Witte dian diúltach, agus ins an deireadh thiar thall ghéill na Seapánaigh dó. Ní bhfuair siad ach an taobh thuaidh d'oileán Sachailín agus an chuanchathair udaí Port Artúir. Bhí na Rúisigh sásta, áfach, suim áithrid airgid a íoc leis na Seapánaigh mar luach fuascailte na gcimí cogaidh. I bhfianaise an dóigh ar briseadh an cath ar na Rúisigh, d'éirigh go sármhaith le Witte cúis a thíre a chosaint ag tábla na gcomhchainteanna.

Ag pilleadh chun an bhaile ó Phortsmouth dó, fuair Witte an tír ar fad ina cíor thuathail roimhe ag an ollstailc. Bhí sé meáite ar phairlimint agus bunreacht a thabhairt don Rúis, i gcruth is go bhfaighfeadh cuid de na radacaigh a mian, agus go bhféadfaí iad a tharraingt isteach i rialú na tíre agus cuidiú a fháil uathu feasta leis an tír a phóilíniú is a fhorbairt.

Ó bhí na ceannairceoirí ag tuirsiú cheana féin, agus iad in éagmhais comhchuspóirí cibé, d'éirigh le Witte iad a chloí, go háithrid nuair a thug cuid mhaith acu creidiúint dá gheallúintí fán mhonarcacht bhunreachtúil le pairlimint agus cead cainte do chách. Nuair a bhí cúrsaí na tíre ag ciúnú síos aríst, thoisigh na Rúisigh á n-eagrú féin ina bpáirtithe polaitiúla.

Iad siúd a bhí ag léiriú tacaíocht don mhonarcacht mheasartha a bhí geallta ag Witte, bhunaigh siad Aontas Mhí Dheireadh Fómhair, ós rud é gurb i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1905 a thug Witte uaidh an forógra leis na geallúintí. Na liobrálaigh níos radacaí, áfach, tháinig siadsan le chéile i bPáirtí na nDaonlathach Bunreachtúil, nó na Cáidéataigh - kadety (Ka-De, Konstitutsionnye Demokraty as Rúisis). Bhí na Cáidéataigh ag éileamh pairliminteachas iomlán, agus iad den bharúil go gcaithfeadh airí an Rialtais a bheith freagrach don phairlimint amháin - go bunúsach, is é an rud a bhí de dhíobháil uathu ná poblacht, nó monarcacht den chineál dheasghnáthúil, nach bhfágfadh cumhacht ar bith ag an Impire. Ón taoibh eile de, bhunaigh an eite dheis radacach eagraíochtaí polaitiúla comh maith, ar nós Aontas Naomh Míchíl nó Aontas Mhuintir na Rúise, agus baill na n-aontas seo go minic ag spreagadh trioblóide fríd Ghiúdaigh agus liobrálaigh a ghéarleanúint agus a fheallmharú. Ní raibh na póilíní ná an tImpire féin rófhonnmhar radacaigh na heite deise a smachtú, siúd is go rabh siad ag tarraingt calláin agus ag déanamh dochair is damáiste do shíocháin phoiblí na tíre, lán comh dona leis an chuid ba mheasa de na Sóisialaithe.

Déanta na fírinne, is anseo a tchí muid cad é a bhí cearr fá Nioclás a Dó mar Impire. Ní rabh sé sásta na leasuithe riachtanacha a chur i gcrích ach amháin ar an bhomaite dheireanach, le hiarsmaí a údaráis a shábháil. Agus ansin féin, cha rabh an tImpire ábalta cloí leis na rialacha úra a bhí leagtha amach ag Witte lena chaoinchead féin. Bhí Nioclás ag iarraidh an craiceann is a luach a choinneáil aige féin, nuair b'fhearr dó "ár dtubaiste leis" a rádh agus a údarás féin a chur i bhfeidhm de réir an chórais nua.

Ghnóthaigh fórsaí an fhreasúra an chéad olltoghchán ins an bhliain 1906, agus na Cáidéataigh ar an dream ba mhó sa phairlimint úrbhunaithe - an Dúma. Bhí an tImpire agus a chuid comhairleoirí comh páistiúil is a shíl siad go mb'iad na scológa crann taca an Impire. Nó bhí na smaointeoirí Slavaifíleacha ag áitiú nach rabh i gceist le héilimh na liobrálach ach allmhuirí coimhthíocha smaointeachais nach mbacfadh na scológa leofa choíche, agus an urraim agus an dílseacht don Impire a bhí ina ndúchas. Tháinig sé aniar aduaidh ar an Impire ar fad comh mícheart agus a bhí sé ag measúnú mheon na scológ. Nó chaith siad a gcuid vótaí i bhfách lena n-iarrthóirí féin, agus na feisirí a tháinig as measc na scológ, bhí cuid mhór acu comh radacach is gur sháraigh a gcuid éileamh na Sóisialaithe féin.

Cha rabh an tImpire sásta comhoibriú leis an chéad Dúma. Chuir sé Piotr Stolaoipín, fear mór na láimhe láidire, in áit Witte mar Phríomh-Aire, agus thoisigh na trioblóidí aríst. Scoir Stolaoipín an Dúma, agus níor dhruid sé siar ón raidhfil ná ón chroch mar chógaisí ar mhíshuaimhneas an phobail. Thairis sin, bhí sé comh dúthrachtach ag díbirt daoiní go dtí an tSibéir is go dtugadh na cimí i bhfad i ndiaidh a lae féin "stolypinka" ("stolaoipionca") ar an chineál vaigíní iarnróid a d'úsáidtí leis na príosúnaigh a thabhairt go dtí críocha fuara an Oirthir.

Lena cheart a thabhairt don Phríomh-Aire seo, thuig sé nár leor an foréigean is an tíorántacht leis an tír a chur ar bhealach a leasa. D'aithin sé cúiseanna na míshástachta, go háithrid an talamh a bhí de dhíobháil ar na scológa, agus d'fhéach sé leis na scológa a iompó ina bhfeirmeoirí beaga neamhspleácha le leasuithe dlí agus le lacáiste cíosa. Níor mhaolaigh sé ar thíorántacht na bpóilíní, áfach, nó bhí sé géarbharúlach go rabh fiche éigin bliain de dhíth le go rachadh na leasuithe i gcion i gceart, agus eadar an dá linn, ní fhéadfaí ach an tsíocháin a choimeád le lámh láidir. Bhí an Chéad Chogadh Domhanda leis na leasuithe seo a stopadh i gceann ocht mblian, agus mar sin, is deacair a rádh, an rabh aon rud fónta déanta ag an Phríomh-Aire leis na hiarrachtaí seo. Is fior gur spreag scéim Stolaoipín eacnamaíocht na tíre go léir, ach d'fhan na slóite síoraí de scológa gan spleotáiníní talaimh dá gcuid féin.

Ins an bhliain 1907, vótáladh an darna Dúma isteach, ach níor chiúnaigh saol stoirmiúil an phairliminteachais Rúisigh síos, ná geall leis. Le linn sheisiúin na pairliminte, bhí na Sóisialaithe go foscailte ag déanamh bolscaireacht réabhlóideach. Bhí a fhios acu go gcaithfeadh na scríobhaithe gach focal a bhreacadh síos agus go bhfoilseochadh clólann an Stáit na miontuairiscí.
1