Seosamh Mac Grianna


Glactar leis gurbh é Seosamh Mac Grianna an scríbhneoir nua-aimseartha ba thábhachtaí dár mhair san fhichiú haois i nGaeltacht Thír Chonaill. Is iad na leabhair is tábhachtaí dár tháinig óna pheann ná An Druma Mór, Mo Bhealach Féin, agus Dá mBeadh Ruball ar an Éan,

Rugadh Seosamh Mac Grianna i Rann na Feirste (Rinn na Feirste an leagan de réir an Chaighdeáin, ach is ar éigean a d'fheicfeá aon leagan eile seachas an ceann canúnach) sa bhliain 1901, cé gur ghnách don fhear féin a áitiú gur tháinig sé chun saoil bliain amháin roimhe sin. Bhí seanchas agus scéalaíocht thraidisiúnta na Gaeltachta i ndúchas a mhuintire, agus deireadh sé nár casadh máistir a athar féin riamh air maidir le scéalaíocht. Mar is eol d'aon duine a bhfuil staidéar ceart déanta aige ar an teanga bhí a dheartháir Séamus ina scríbhneoir bhisiúil chomh maith, ach bhí an bheirt acu go mór mór in adharca le chéile mar scríbhneoirí. Theastaigh ó Sheosamh a bhealach féin (mar a deir teideal a leabhair) a leanúint i gcúrsaí scríbhneoireachta, cé go raibh sé ag snámh in aghaidh na heasa in Éirinn a linne. Maidir le Séamus, bhí seisean ag iarraidh iarsmaí a chultúir féin a chur i míotar, agus é sásta glacadh srianta na féinchinsireachta a chur air féin leis an obair seo a chur i gcrích. Níor aontaigh an bheirt fhear sin faoi mhórán. Scríobh Seosamh sa leabhar Mo Bhealach Féin nach raibh siad in ann teacht le chéile faoin treo a bhí an ghaoth ag séideadh.

Bhí míshuaimhneas domhínithe ag luí ar Sheosamh ó bhí sé óg. Níor mhothaigh sé é féin ar a shocracht sa bhaile ná i gcéin. Nuair a bhí sé ina dhéagóir agus an Chéad Chogadh Domhanda díreach á chur, bhí sé ag dréim le dul sna saighdiúirí in arm na Breataine Móire. Is dócha gurbh é an rud a theastaigh uaidh go mbeadh oifigeach nó ceannasaí éigin ag cur aidhmeanna agus cuspóirí ar fáil dó a d'fhéadfadh sé a bhaint amach gan a mharana a dhéanamh ar chiall a shaoil féin.

Cosúil lena dheartháir féin bhain Seosamh triail as an múinteoireacht mar shlí bheatha. Sa bhliain 1919 bronnadh scoláireacht air a chuir ar a chumas dhá bhliain a chaitheamh i gcoláiste oideachais i nDroim Conrach (Baile Átha Cliath) le dintiúirí bunmhúinteora a bhaint amach. Ní raibh sé ábalta mórán teagaisc a dhéanamh, ó bhí sé cláraithe in Óglaigh na hÉireann, agus Cogadh na gCarad díreach ag pléascadh amach. Chaith Seosamh agus a dheartháir seal ag déanamh bolscaireachta ar mhaith leis an bPoblacht, ach sa deireadh briseadh an cath ar lucht leanúna na Poblachta. Cimíodh Seosamh agus chaith sé bliain is cúpla mí ina phríosúnach i gCill Dara.

Chuaigh Seosamh ag múinteoireacht arís i ndiaidh an chogaidh, ach má chuaigh, ní raibh an ghairm seo ag teacht leis ar aon nós.

Timpeall ar an mbliain 1935 tháinig deireadh le gairmréim scríbhneoireachta Sheosaimh. Bhí sé díreach ag scríobh mórúrscéal nua-aimseartha nuair a "thráigh an tobar air" mar a dúirt sé féin. Ba é tús an úrscéil sin a foilsíodh ina dhiaidh sin faoin teideal Dá mbeadh Ruball ar an Éan - leagan Ultach den fhocal "eireaball" é "ruball".