Sráidbhaile beag i dTír Chonaill í Rann na Feirste (leaganacha eile: Rinn na Feirste, Reann na Feirste), agus timpeall is céad agus deichniúr is trí scór de dhaoine ina gcónaí ansin inniu. Ba iad na scríbhneoirí Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna a bhain amach clú agus cáil don áit dá gcuid leabhar Gaeilge. Tá coláiste Gaeilge, Coláiste Bhríde, ag múineadh na teanga do na foghlaimeoirí san áit inniu.