Úrscéal dírbheathaisnéisiúil le Seosamh Mac Grianna é Mo Bhealach Féin, a thugas cur síos ar an dóigh a raibh an scríbhneoir ag déanamh fánaíochta agus seachránaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. Inbhreathnú is mó atá sa leabhar, agus níl i gcuid taistil an údair ach cúlra dá chuid smaointeoireachta go bunúsach. Go gairid i ndiaidh dó an leabhar a scríobh buaileadh breoite é le síocóis, agus bhí dúlagar intinne ag luí air cheana féin nuair a chuaigh sé tríd na himeachtaí a bhfuil insint fúthu sa leabhar. An duine a léifeas an leabhar suimiúil seo aithneoidh sé go raibh cothromaíocht intinne an údair ag teip air.