An Fhiannaíocht, le Cormac Ó Cadhlaigh


Panu Höglund a chuir in eagar

An Díonbhrollach


Nuair a d'fhoilsigh Mac Pherson Alban "Fingal" úd na calaoise san ochtú haois déag, bhí léirmheastóirí na litríochta ar an Roinn Eorpa ar na stártha le háthas dá mholadh, mar gur rud seanda é agus go raibh soiléir le feiscint ann na comharthaí seandachta a mheasadar ba cheart a bheith ann, ó ba rud seanda é. Ina dhiaidh sin, agus ní rófhada ina dhiaidh sin, ach chomh beag, nuair a cuireadh ar a shúile dóibh é go diongbháilte nár rud seanda in aon chor é, ach gur litríocht nuachumtha é a ceapadh d'aon ghnó chun an dubh a chur ina gheal ar an saol, ligeadar orthu leis an saol gur maith ab eol dóibh ó thosach nár litríocht ón tseanaimsir in aon chor é. Mholadar "Fingal" mar shásaigh sé iad féin. Bhí saghas áirithe litríochta sa bhfaisiún an uair sin d'fhonn aigne an duine a nochtadh de reir mar ba dúchas don duine é a nochtadh, litríocht a cheap lucht litríochta an lae sin ar mhúnla áirithe a mheasadar a bhí ann ón tseanaimsir anallód. Mar sin, nuair a fuaireadar "an t-aistriú" úd ag Mac Pherson ar sheanlaoithe Gaeilge ó fhiantas Ghaeltacht Alban, ó áit nár bhaol dá lucht áitribh, ní hamháin gan a bheith seanda ina meon agus ina n-aigne, ach nár bhaol dóibh aon smaointe nua a bhrú isteach orthu, nuair a fuaireadar na laoithe sin ar aon dul lena mbarúla féin ar cad ba seandacht ann, ní áiteodh an saol orthu ná go raibh an ceart acu. Chomhlíon an fhilíocht sin ag Mac Pherson an uile riail dár bhain le litríocht sheanda na seanaimsire anallód dá réir féin; mar gheall air sin, bhíodar ní ba cheanndána ná riamh i dtaobh na gcomharthaí ba chóir a bheith ar aon litríocht a scríobhfaí ar aithris litríochta na seanaimsire.

Fuarthas amach ina dhiaidh sin nár aithníodar na léirmheastóirí litríochta sin an nuacht ón tseandacht, ná an bhréag ón bhfírinne ná an áilleacht ón ngránnacht.

Is é an dálta céanna é ag a lán de léirmheastóirí an lae inniu. "Ní breitheamh ar lí fear gan súile". An té nach aithnid dó an Fhiannaíocht, conas is féidir dó aon léirmheas a dhéanamh uirthi? D'fhonn an Fhiannaíocht a chur ar aithne don phobal feasta is ea a scríobhadh an leabhar seo. B'fhéidir, le cúnamh Dé, tar éis é a léamh, gur fearr an tuiscint a bheith di mar litríocht agus go dtiocfaidh malairt chéille dóibh siúd a deireann ná fuil aon ní ab fhiú a léamh i bhfoirm litríochta againn sa Ghaeilge.

Roinnt dár litríocht a bhfuil faillí mhór ag maic fhoghlama á tabhairt inti is ea an Fhiannaíocht. D'fhonn an t-aos foghlama sin a mhealladh chun suim a chur inti is ea a tugadh iarracht anseo ar na scéalta agus na laoithe a riaradh de réir an ábhair atá iontu. Fágadh a lán den Fhiannaíocht mar a fuarthas í sna seanleabhair, gan aon athrú a dhéanamh uirthi, chun gurbh fhéidir don aos óg foghlama sin teacht go hadhsáideach ar na solaidí is fearr dá bhfuil againn ar scéalaíocht na Gaeilge nuair ba treise agus ba saibhre teanga na Gaeilge, sular tháinig meath an bháis uirthi.

Maith an mhuintir muintir Fhinn,
Mairg atá dá n-éis in Éirinn!
Gan locht orthu ar toinn talún
Ach gan Dia a mhóradhradh.
- A.S. 3613-3618.

Gé bheth i síth mo cliu chain
Fuil mo menma ar na Fiannaibh.
- A.S. 1582

Caibidil a hAon - Tionscnamh na Féinne


1. Tuathal agus Fiacha ag roinnt maitheasaí na hÉireann.

2. Flaitheas na Féinne idir Chlanna Mórna agus Clanna Baoiscne.

3. Obair na Féinne.

4. Sochair na Féinne.

5. Dúil sa bhFiannaíocht:
(a) Beirt de Chlanna Mórna.
(b) Conán mac an Léith Luachra.
(c) Triúr mac Rí na hIorua.

6. Coinníollacha na Fiannaíochta.

7. Lúth an Mhacaoimh úd i gCuileann ó gCuanach.

8. Tuatha Dé Danann agus an Éiric.

9. Éiric Iníne Rí Mumhan.

10. Aoibhneas Saoil na Féinne.

11. An té a bhí i Sídh Easa Aodha Ruaidh.

1. Tuathal agus Fiacha


Rí darbh ainm Fearadhach Feachtnach a ghabh flaitheas agus forlámhas ar Éirinn agus bhí beirt mhac aige, Tuathal agus Fiacha. Nuair a fuair Fearadhach bás, roinn an dá mhac Éire eatarthu. Choinnigh Tuathal a seoid agus a maoine agus a hionnús, a buar agus a bótháinte. A faillte agus a hinbheara, a meas agus a mórthoradh, a bradáin áille eochairbhreaca, a fiach agus a fiannchoscairt a thogh an fear eile, Fiacha, mar rogha.

Agus is é an Fiacha sin ba chéad rífhéinní ar an bhFiann; agus, nuair a tháinig sé féin i bhflaitheas na hÉireann tar éis bhás a dhearthár, d'fhág sé ceannas na Féinne faoi Chlanna Mórna Chonnacht. [A.S. 2470-2476]

2. Flaitheas na Féinne idir Chlanna Mórna agus Clanna Baoiscne


D'fhan an smacht sin ar an bhFiann ag Clanna Mórna go ceann dhá bhliain fichead; agus, ansin, fuair Tréanmhór Ó Baoiscne ceannas ar fhianna uile na hÉireann.

Ar feadh seacht mbliana déag a choinnigh sé sin an rífhéinníocht, agus, ansin, d'éis a bháis, fuair a mhac, Cumhall, flaitheas na Féinne.

Mharaigh Goll Mac Mórna Cumhall i gCath Chnucha agus go ceann deich mbliana ina dhiaidh sin, d'fhan an rífhéinníocht aige sin gur tugadh d'Fhionn Mhac Chumhaill mhic Tréanmhóir uí Bhaoiscne í. [A. S. 2491-2531.]

3. Obair na Féinne


Ag cosaint chóra is ag cosc éagóra do ríthe agus do thiarnaí Éireann agus ag caomhnú is ag coimeád cuan na críche ar fhoirneacht eachtrann a bhíodh an Fhiann. Is iad a d'fhéachadh chuige ná déanfaí goid ná bruid ná fuadach ar an bpobal. Dheinidís lucht cánach a bhailiú a chosaint agus lucht díbhirce agus díobhála a chosc. Gheibhidís tuarastal cinnte dá chionn sin ón Ard-Rí; agus ó Shamhain go Bealtaine bhídís ar coinnmheadh ar fheara Éireann; ach ó Bhealtaine go Samhain b'éigean dóibh bheith taobh lena seilg agus lena bhfiach féin mar chothú beatha agus mar thuarastal ó ríthe Éireann; an feolmhach mar bhia acu agus craiceann na mbeithíoch allta mar thuarastal. [F.F.E. II. 326.]

4. Sochair na Féinne


Agus sid é an sochar a bhí ag Fionn ó rí Éireann de réir mar a d'aithris a bheab Máighnis do Chiotach chruadharmach, ard-rí na Dróluinne Móire: [Tóruidheacht Shaidhbhe, ingheab Eoghain Óig, G.G.G., l. 22]
"Triucha céad i ngach cúige d'Éirinn aige, agus tuath i ngach triucha céad, agus baile i ngach tuath, agus coileán con nó gabhair i ngach teach in Éirinn dá bheathú dó, agus seacht gcatha na gnáth-Fhéinne idir chú, gadhair, giolla agus duine ó Shamhain go Bealtaine a bheith ar coinnmheadh uaidh ar feadh Éireann uile. Agus ní leomhthaí bean de mhná Éireann a thabhairt d'fhear ar bith gan a fhiafraí faoi thrí an mbeadh i bhFianna Éireann fear a mba mhaith leis í a fháil dó féin mar bhean, agus dá mbeadh an fear sin ann, b'éigean í a thabhairt dó, agus mura mbeadh, go mbeadh uinge d'ór ag Fionn de. Agus ní leomhthaí bradán ná óglao allaidh ná míol maighe a thógaint den chonairt