A Cháit,


theastaigh uaim riamh cuimhní cinn m'óige a chur i míotar le d'aghaidh, le súil is go mbainfeá sult, subhachas nó fiú buntáiste éigin astu, agus, ar ndóigh, go gcuirfidís le saibhreas do chuid Gaeilge. Mar sin, chinn mé ar an leathanach seo a chur suas, agus súil agam go mbeidh áiméar agat lán do shúl a bhaint as lá de na laethanta. Cé nach maíomh gan substaint dom é a rá go bhfuil scoth na Gaeilge agam, is beag is fiú an chuid is fearr den teanga, mura bhfuil ábhar agat a scríobhfá sa teanga faoi. Agus, cosúil leis sin, is beag is fiú an teanga a fhoghlaim, mura bhfuil lón léitheoireachta ná ábhar comhrá agat sa teanga.

Nuair a bhí mé óg, bhí mé an-óg, arsa fear mór an ghrinn, Myles na gCopaleen féin, agus má tá mise le scéal m'óige-se a ríomh is a reic as Gaeilge, ní mór fíor-thús an scéil sin a insint roimh aon rud eile. Na cuimhní cinn is sine atá agam, téann siad a fhad siar leis an mbliain 1970, nuair a bhí mé i mo chónaí i Varkaus, in árasán a naoi i dteach uimhir fiche cois na sráide ar a dtugtaí - agus ar a dtugtar inniu féin - Osmajoentie, nó Bóthar Abhainn Osma. Cé go raibh mo shráid féin ainmnithe as an abhainn sin, is dócha nach bhfaca mé í sula raibh mé ag dul ar scoil, nó bhí Honkapirtti, ceann scríbe na dturasanna scíála scoile, suite cois na habhann sin, roinnt ciliméadar ar shiúl ón gcathair.

Ní raibh an tsráid, mar sin, suite in aon chóngar don abhainn. Bhí an loch úd Huruslahti - ceann de na mílte loch san Fhionlainn, agus an ceann ba mhó salachar agus truailliú, ó bhí monarcha an drochbholaidh ag ligean a cuid bruscair isteach ann - suite faoi chéad méadar uainn, agus b'é an loch sin farraige mo chéad óige. Bhí mé in ann an mhonarcha a aithint trasna an locha uaim, ach má bhí féin, bhí mé chomh beag bídeach is nárbh fhairsinge liom an tAigéan Atlantach ná Huruslahti. Thairis sin, nuair a bhí mé trí bliana d'aois, níor chuala mé ach scéal scéil faoin Atlantach, ach bhí Huruslahti feicthe le súile mo chinn féin agam, agus fuair mé go raibh sé mór millteanach.

Cé go raibh a fhios ag muintir na cathrach go léir nach raibh uisce an locha róghlan, ní raibh sé chomh salach is nach bhféadfá dul síos go dtí an cladach agus do scíth a ligean ansin. Bhí a fhios é sin ag druncaeirí agus pótairí na háite freisin, nó má chuaigh tú síos ansin, ba mhinic a chastaí cupla duine acu siúd ort ansin. Anois, agus mé ag déanamh mo mharana ar an scéal, ritheann liom gur féidir go raibh cuid acu drugáilte freisin, nó bhí aithne ag muintir na Fionlainne ar dhrugaí i dtús na seachtóidí, chomh maith le muintir an Domhain Thiar ar fad, agus ní chuirfeadh sé lá iontais orm dá mbeadh fadhb drugaí dá cuid féin ag cathair thionsclaíoch, cosúil le Varkaus, san am sin féin. Cibé scéal é, bhí na druncaeirí agus na drugálaithe ar an gcladach thíos ag breathnú chomh cosúil le corpáin mharbha is go dtugadh Mamó Raatoranta, nó Cladach na gConablach - "the Carcass Beach" - ar an gcladach. Is dócha go bhfuil blas cineál "macabre" ar an méid sin as Gaeilge agus as Béarla, ach sin é an cineál greann ba dual do Mhamó s'againne, agus fiú ar na saolta seo, bímid ag tabhairt Raatoranta ar an gcladach sin, mar rud nádúrtha - cuid de bhéarlagair phríobháideach mo mhuintire é.

Agus, leis an bhfírinne a rá, is aisteach an cineál teanga é an béarlagair a bhí ag mo mhuintir le chéile. Is amhlaidh go raibh féith dháigh, dhochomhairleach, stuacanta, stobarnáilte i Mamó, agus b'ise a d'fhág a lorg, a sliocht agus a stampa féin orainn go léir. Cuid de seo ab ea é go raibh sé de nós aici teilgeanacha cainte agus seanfhocail dá cuid féin a chumadh, agus muidne ag tógáil gach nath aisteach den chineál seo uaithi. D'fhág sin go raibh teanga dár gcuid féin againn - Fionlainnis a bhí ann, ar ndóigh, ach b'ait agus b'aduain an saghas Fionlainnise í, nó bhí sí breac le tagairtí d'imeachtaí ó shaol Mhamó féin, imeachtaí a bhí sí a reic is a insint linn uair i ndiaidh a chéile, agus í ag déanamh dlúthaithris ar chainteanna is ar fhocail na ndaoine mar a chuala sí an chéad uair iad.

Cuid de seo, sílim, b'é an rud é ar a dtugann na Francaigh esprit d'escalier air, nó buafhocal an staighre. Tá a fhios agat nach bhfuil Fraincis agam, ach má bhain mé an chiall cheart as an bhfocal léannta seo, is é is brí leis ná an buafhocal gonta a ritheann leat "amuigh sa staighre", i bhfad i ndiaidh na teagmhála ina raibh an ghoineog ag teastáil uait.